Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Dul isteach i gCúltaca an Gharda Síochána

Eolas faoi iarratas a dhéanamh:

· Téigh chuig an suíomh www.publicjobs.ie agus bí cinnte go sásaíonn tú na critéir iontrála ( atá leagtha síos faoi cheisteanna coitianta).  Má shásaíonn tú na critéir beidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i dteagmháil leat, nuair a bheidh earcaíocht ar siúl i do cheantar.

· Déanfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agallamh a sceidealú duit ar dáta oiriúnach.

Beidh an t-agallamh ar siúl go háitiúil – i mBaile átha Cliath beidh se ar siúl ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, Sráid na Mainistreach Láir, Baile Átha Cliath 1, agus laistigh de sin i láithreacha ainmnithe eile sna réigiúin. Cuirfidh ball den tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus oifigeach den Gharda Síochána atá ar scor,  faoi agallamh thú.

· Beidh ort tuairisc ghearr a scríobh chomh maith leis an agallamh agus déanfar sin san áit ainmnithe freisin.

· Beidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí i dteagmháil leat mar gheall ar thoradh an agallaimh agus na scríbhneoireachta

· Ma éiríonn leat ag an gcéim sin, iarrfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ort  Foirm Iarratais BR a íoslódáil ón suíomh www.publicjobs.ie

· Ba chóir duit an fhoirm a líonadh ar do ríomhaire, é a phriontáil agus grianghraf a glacadh le gairid a chur leis agus ansin é a thabhairt chuig do stáisiún áitiúil le é a dhearbhú agus le síniú Garda a fháil air

· Beidh do stáisiún áitiúil i dteagmháil leat agus socróidh siad agallamh gairid duit le ball áitiúil den Gharda Síochána agus leis an gCeannfort Ceantair.

· Ma éiríonn leat san agallamh, a luaithe is a fhaigheann Oifig Chúltaca an Gharda Síochána an t-imréiteach slándála riachtanach, glaofar ort dul faoi scrúdú dochtúra ( in amanna, déantar scrúduithe dochtúra sula ndéantar an t-imréiteach slándála).

· Tugtar cuireadh do na hiarratasóirí a n-éiríonn leo sa scrúdú dochtúra agus a bhfuil an t-imréiteach slándála faighte acu, freastal ar oiliúint do Chúltaca an Gharda Síochána.

 

Clár Oiliúna:

· Céim 1: Cúrsa ionduchtúcháin thar dhá lá (i rith na seachtaine) i gColáiste an Gharda Síochána, Co. Thiobraid Árainn. Beidh na hábhair seo a leanas a bplé : Seoladh isteach sa Gharda Síochána, Cearta Daonna, Disciplín, Eitic agus Cultúr na hEagraíochta.

· Céim ll: Cúrsa  cuimsitheach thar dhá sheachtain a reáchtálfar sa choláiste, (ó Luan go hAoine, gan deireadh seachtaine san áireamh). Clúdófar oiliúint in úsáid Smachtín Inghiorraithe , Sprae Éagumasaithe agus Raidió Tetra.

· Céim III: Cúrsa dhá lá (i rith na seachtaine) sa Choláiste.

· Céim IV: 40 uair ar a laghad d’oiliúint ar an láthair oibre i stáisiún áirithe, obair a chuimsíonn patról agus dualgas stáisiúin.

· Céim V: Lá fianaithe agus searmanas bronnta céimeanna- i rith na seachtaine i gColáiste an Gharda Síochána.

Caith súil ar Garda Reserve Information Video nó léigh Ceisteanna Coitianta  faoi Chúltaca an Gharda Síochána.