Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Tuairisciú Coireachta Ar-Líne

Go raibh maith agat as ucht ár bhFógartha Coire Ar-Líne a Úsáid. Léigh go cúramach an méid a leanas le do thoil:

Ná comhlánaigh an fhogairt choire seo má tá robáil na maoine fógartha cheana féin leis an nGarda Síochána.

NÓTA: Má bhaineann aon cheann de na samplaí a leanas NÁ HÚSÁID AN FHÓGAIRT CHOIRE AR-LÍNE SEO, in ionad sin téigh i dteagmháil le Stáisiún Áitiúil na nGardaí. Ná glao ar 999 ná 112 ach i gcás éigeandála:

• Buirgléireacht nó iarracht ar bhuirgléireacht i do theach nó i do ghnó tráchtála;

• Goid fheithicile, nó rinne duine eigin iarracht d’fheithicil a ghoideadh;

• Goide maoine ó dhuine sa chás go n-úsáideann an t-amhrastach fórsa nó bagairt fórsa chun an mhaoin a ghoid;

• Aon bhagairt ar choir foréigeanach;

• Arm Tine Goidthe

An Fhógairt Choire Ar-Líne a Chomhlánú

 Nóta: Ní liosta uileghabhálach é seo léigh a leanas le do thoil chun féachaint an bhfuil an fhógairt ar-líne oiriúnach duitse:

Tabhair sonraí teagmhála iomlána. Tá uimhir theagmhála agus na hamanna a mbeidh tú ar fáil ag an uimhir sin ríthábhachtach.

• Tá * in aice gach réimse éigeantaigh

• Comhlánaigh gach eolas ina iomláine. D’fhéadfaí moill a chur ar phróiseáil agus ar iniúchadh ghoid na maoine mura dtugtar dóthain eolais.

• Nuair a bheidh gach réimse na fógartha seo comhlánaithe agat beidh an rogha agat í  a chur i gcló.

• Seiceáil do shonraí le do thoil roimh an fhógairt a chur isteach. Nuair a bheidh sí seolta agat, NÍ bheidh deis agat filleadh chun aon sonraí a fheiceáil, iad a athrú ná cóip a chur i gcló

• Nuair a éiríonn leat an fhogairt a chomhlánú agus í a chur isteach, taispeánfar teachtaireacht deimhnithe, ag dearbhú go bhfuil d’fhógairt curtha isteach. Má tá fógairt comhlánaithe agus curtha isteach agat, NÁ cuir isteach fógairt eile maidir leis an ngoid chéanna mhaoine

• Ní féidir ach fógairt a dhéanamh ar ghoid mhaoine a tharla in Éirinn (seachas Tuaisceart Éireann)

Nóta Tábhachtach: D’fhéadfadh tú a  ionchúiseamh as ucht eolas bréagach  a sholáthar go feasach

Cliceáil anseo chun coir a thuairisciú ar líne.