Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cad is Ordú Urchoisc Eatramhach

Ordú Urchoisc Eatramhach

Alt 4, an tAcht um Fhoréigean Baile, 1996, arna leasú

Nuair a rinneadh iarratas ar Ordú Urchoisc, féadfaidh an Chúirt Ordú Urchoisc Eatramhach a dhéanamh, a mbíonn an éifeacht chéanna ar bhonn sealadach aige a bhíonn ag Ordú Urchoisc.

Éagann Ordú Urchoisc Eatramhach nuair a dhéanann an Chúirt cinneadh ar an iarratas don Ordú Urchoisc.Féadfaidh an Chúirt na heisceachtaí siúd nó na coinníollacha breise siúd a leagan ar an Ordú Urchoisc, a mheasann sí is cuí.

Féadtar Ordú Urchoisc Eatramhach a dhéanamh ar bhonn ex parte (sa chás nach bhfuil an freagróir sa Chúirt). Éagann ordú ex parte laistigh de 8 lá oibre, ar a mhéid, áfach, murach go ndeimhnítear an tOrdú ex parte laistigh den tréimhse sin trí ordú cúirte, ar iarraidh an íospartaigh agus ar fhógra a thabhairt don fhreagróir. Anuas air sin, caithfear nóta den fhianaise a tugadh, agus an mhionnscríbhinn/ an fhaisnéis a mhionnaigh an t-iarratasóir a sholáthar don fhreagróir, anuas ar an Ordú Cúirte a luaithe agus is féidir.