Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Laghdú ar Éileamh / Díobháil

Cad é féin?

Is straitéisí iad Laghdú ar Éileamh agus ar Dhíobháil atá deartha chun an t-éileamh atá ag an bpobal ar dhrugaí neamhdhleathacha agus neamhcheadaithe a laghdú. Tá roinnt gníomhartha chun éileamh agus díobháil a laghdú inár Straitéis Náisiúnta Drugaí reatha, Díobháil a Laghdú, Tacaíocht don Athshlánú: cur chuige bunaithe ar shláinte maidir le húsáid drugaí agus alcóil in Éirinn 2017– 2025. Sa straitéis sin, tá an Rialtas tiomantas do thacaíocht a thabhairt do chur chuige bunaithe ar shláinte seachas ar an gceartas coiriúil maidir le húsáid drugaí lena n-áirítear reachtaíocht a rithe le haghaidh seomraí insteallta maoirsithe, ag aithint an ghá atá le cur chuige níos daonna agus atruach i leith úsáid drugaí, agus an fócas ar dhíobháil a laghdú ina n-aithnítear gur ceist don tsláinte phoiblí é andúile agus mí-úsáid substaintí. 

Ról an Gharda Síochána? 

Tá ról suntasach ag an nGarda Síochána maidir leis an éileamh agus an díobháil araon a laghdú. Cé gurb é ár bpríomhról an soláthar a laghdú, tá An Garda Síochána ag gabháil do thionscnaimh chun Éileamh agus Díobháil a Laghdú, agus an dá cheann acu dírithe ar an íospartach agus ar chearta an duine.  Áirítear leis sin éifeachtacht agus feasacht ár gClár Tuairiscithe maidir le hImeaglú a Bhaineann le Drugaí a fheabhsú lenár ngníomhaireacht chomhpháirtíochta An Líonra Náisiúnta Tacaíochta Teaghlaigh agus ag obair ar na caidrimh lenár bhFóraim Phóilíneachta Áitiúla agus caidrimh a chothú idir An Garda Síochána agus na pobail. Áirítear le tionscnaimh den sórt sin oiliúint inmheánach, comhoibriú idir gníomhaireachtaí, idirghníomhaíocht maidir le feasacht drugaí le scoileanna, coláistí tríú leibhéal agus leis an bpobal i gcoitinne.

Gníomhaireachtaí Comhpháirtíochta atá rannpháirteach?

  • An Roinn Sláinte
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Ionaid Náisiúnta Chóireála Drugaí
  • An Líonra Náisiúnta Tacaíochta Teaghlaigh
  • Na hEarnálacha Pobail agus Deonacha