Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Feidhmeanna na Rannóige Bailistíochta

Gun crimescene

Cuireann an Rannán Balaistíochta saineolas ar fáil don nGarda Síochána faoi chúrsaí a bhaineann le hairm tine, le harmlón agus le pléascáin.

Tá Bleachtaire Cigire i mbun an Rannáin Balaistíochta ar fad, ina bhfuil foireann de 16 bleachtaire sáirsint agus garda. Faigheann na baill oiliúint speisialtóireachta, teagasc agus taithí praiticiúil i réimsí éagsúla d’eolaíocht fhóiréinseach, in Éirinn agus thar lear.

Déanann pearsanra sa Rannán Balaistíochta na tascanna seo a leanas:

  • Airm tine agus armlón a urghabhtar sa Stáit, a scrúdú
  • Scrúdúchán fóiréinseach a dhéanamh ar phléascáin agus ar fheistí phléascacha a urghabhtar sa Stáit-déantar é seo trí Chóras Aitheantais Comhtháite Balaistíochta den chineál is úire agus is fearr, a úsáid
  • Scrúdúchán Fóiréinseach a dhéanamh ar na láithreáin ar fad ina mbíonn dúnmharaithe, bás amhrasach agus tromchoireanna i gceist
  • Athchóiriú a dhéanamh ar uimhreacha aitheantais loite nó scriosta ar fheithiclí agus ar airm tine
  • Cigireacht a dhéanamh ar raonta lámhaigh
  • Cabhair a thabhairt i bhfiosrúchán ar choirloscadh
  • Raonta bróg, loirg bhoinn agus raonta uirlisí a ghlacadh ó láithreáin coireanna agus a scrúdú
  • Fianaise a thabhairt sa chúirt
  • Cnuasach tagartha airm tine, armlón agus feistí pléascacha a choimeád
  • Taifead a choimeád de chásanna cartúis scaoilte agus d’urchair a aisghabhtar ó na láithreáin choireanna uile, ar fud na tíre
  • Cuir i láthair a dhéanamh laistigh den Gharda Síochána agus do ghníomhaireachtaí seachtracha

Examining firearms in the Ballistics Unit