Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

An tAonad Aitheanta Aghaidh

An tAonad Aitheanta Aghaidheanna ag Rannóg Grianghrafadóireachta an Gharda Síochána, an Biúró Teicniúil. Tugadh córas nua ar a dtugtar Evo-Fit isteach i gCeanncheathrú an Gharda Síochána. Tugtar sceitse póilíní, fótashamhail nó Dlúthdhiosca-Teicníocht Aitheanta Aghaidheanna (CD-TAA) ar chumasc Evo-FIT. Cuirfidh an tAonad Aitheanta Aghaidheanna íospartaigh agus finnéithe na coireachta faoi agallamh agus cruthóidh sé cumasc faoi threoir an duine seo atá cosúil leis an duine a bhfuil amhras faoi. Cuireann an córas nua seo íomhánna d’aghaidheanna atá níos réalaíche, baintear ráta aitheanta i bhfad níos airde amach, tá próifíl i bhfad níos mó d’fhinnéithe inghlactha aige – bíonn an córas dírithe níos mó ar aithint, seachas ar athchuimhne agus tá sraith uirlisí ann ar cuireadh feabhas mór orthu ar féidir leo aois, meáchan, pearsantacht (gnaíúlacht, ionracas, folláine, etc.) a athrú. Tá rogha níos fairsinge agus níos cruinne de bhunachair shonraí ann. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar Evo-FIT i gcónaí in gach imscrúdú ina bhfaca íospartach nó finné aghaidh an duine a bhfuil amhras faoi agus a bheadh in ann an aghaidh sin a aithint arís.