Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ceisteanna Coitianta

    Tá, baineann na díolúintí seo a leanas:– 

    • Duine atá ina s(h)uí i suíochán nach bhfuil crios sábhála feistithe air
    • Duine a chaitheann crios sábhála do dhuine faoi mhíchumas
    • Sealbhóir deimhniú ó Lia-Chleachtóir Cláraithe ar a luaitear nach moltar crios sábhála a chaitheamh ar fhorais leighis
    • Tiománaí feithicle fad a dhéantar an fheithicil a chúlú
    • Scrúdaitheoir tástáil tiomána atá ag tabhairt faoi thástáil
    • Teagascóir Tiomána
    • Comhalta den Gharda Síochána nó de na Fórsaí Cosanta fad a bhíonn sé/sí ar dualgas


    Chun teacht ar fhaisnéis faoi shábháilteacht leanaí i ngluaisteáin, féach, le do thoil www.rulesoftheroad.ie agus lean na naisc Do Cheadúnas agus Feithicil > Sábháilteacht Feithicle > Srianta Sábháilteachta Leanaí.

    Feithicil faoi thiomáint mheicniúil is ea cuadrothair, agus ciallaíonn sin gur feithicil í a bheartaítear a thiomáint nó a oiriúnaítear lena tiomáint faoi chumhacht mheicniúil nó leictreach. Mar gheall air sin, gan aird ar thoilleadh innill, faoin reachtaíocht um Thrácht ar Bhóithre, caithfidh árachas, cáin bhóthair, ceadúnas tiomána a bheith ag úsáideoir cuadrothair in áit phoiblí agus caithfidh sé/sí clogad a chaitheamh.  

    I limistéir Údaráis Áitiúil, ar nós Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil ‘Páirceáil Chriosach’ i bhfeidhm, tá limistéir pháirceála sainithe mar chriosanna Buí (an Taraif is Airde), Dearga (an Mheántaraif) nó Glasa (an Taraif is Ísle). 

    Caithfidh duine a pháirceálann i limistéar ‘Páirceála Criosaí’, áit a bhfuil méadar páirceála briste, ticéad bailí a fháil ón méadar is gaire atá ag oibriú sa chrios céanna nó i gcrios ina ngearrtar taraif níos airde. Is féidir breis faisnéise a fháil ón Rannóg um Beartas agus Forfheidhmiú Páirceála i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Guthán: 01-2222261.

    Féach, le do thoil, www.citizensinformation.ie agus lean na naisc Taisteal agus Áineas > Gluaisteánaíocht > Ceadúnú Tiománaithe > Do cheadúnas tiomána a athrú go ceadúnas tiomána Éireannach

    N.B. Caithfidh árachas a bheith ag tiománaí na feithicle, chomh maith, chun an fheithicil atá i gceist a thiomáint.

     

    Tá níos mó agus níos mó daoine ag baint úsáide as na saghsanna seo scútar le blianta beaga anuas, go háirithe leanaí. Is é an seasamh dlíthiúil - más féidir le ceann de na scútair seo a bheith faoi thiomáint ag cumhacht mheicniúil nó leictreach amháin, agus mura dteastaíonn troitheánú nó imeacht de sciotán chun thú a thiomáint, meastar gur feithicil inealltiomána (MPV) é i dtaobh na reachtaíochta um thrácht ar bhóithre, gan aird ar thoilleadh innill. Má úsáidfear na scútair siúd in aon áit phoiblí, teastaíonn árachas agus cáin bhóthair uathu, faoi mar a theastaíonn ó MPV eile ar bith. Bheadh ar an tiománaí, ina theannta sin, ceadúnas tiomána a bheith aige/aici agus tá oibleagáid air/uirthi clogad a chaitheamh. Mura féidir le húsáideoir scútair den saghas sin na ceanglais dhlíthiúla seo a chomhlíonadh, níor cheart an scútar a úsáid ach ar mhaoin phríobháideach.

    Tá 2 bhealach ann inar féidir thú a bhrath má bhíonn tú ag tiomáint ar luas, trí Bhrath Idirghabhála agus Brath Neamh-Idirghabhála. Tarlaíonn brath idirghabhála nuair a stopann Garda ciontóir ag tráth an chiona. Féadfaidh Garda sonraí an chiona a ionchur isteach i ríomhaire boise nó sonraí an chiona a scríobh ar Fhógra Muirir Sheasta. Tarlaíonn brath neamh-idirghabhála nuair nach ndéanann na Gardaí aon idirghabháil ag láthair an chiona. Déantar cionta neamh-idirghabhála a thaifeadadh ar na bealaí seo a leanas:–  

    • Ceamaraí suite agus soghluaiste luais
    • Trealamh fístaifeadta e.g. Feithiclí Soghluaiste Luasbhraite
    • Ríomhairí boise nó Ceapa Nótaí mar thoradh ar líomhain a rinneadh trí Fhaire Tráchta (Uimh. Ghutháin 0818 – 205805)
      Ní eiseoidh Gardaí fógraí

    Níl ar Ghardaí fógra muirir sheasta a eisiúint a thuilleadh do chiontóir ag láthair theagmhais. Ina ionad sin, eiseoidh an Oifig Náisiúnta Próiseála (an NPO) fógraí, ar an mbealach céanna a eisítear fógraí ciona neamh-idirghabhála. Cuirfidh na Gardaí an ciontóir ar an eolas ar shonraí an chiona ag an láthair.

     

     

    Is mian liom ualach neamhghnáthach a iompar ar na bóithre - cad ba cheart dom a dhéanamh?

    Trácht Bóithre (Tógáil, Trealamh agus Usáid Feithiclí) Rialacha 1963 mar  leasaithe feidhmeacha.

    San áit go bhfuil sé molta ualach a iompar, i gcás go mbíonn an t-ualach comhlán nó acastóir níos mó ná na teorainn dlíthiúla, nó má thá na teorainn toiseacha nó teorainn starracha bearnaithe, ní mór ceadúnas a fháil ón Údarás no hÚdaráis Áitiúla san achar(air) feidhmiúil trína n-iomprófar an t-ualach.

    Imeachtas

    Sula ndéanfar iarratas ní mór cuir in iúl do agus cóip den iarratas a thabhairt do Choimisinéir an Gharda Síochána C/O Biúró Náisiúnta Bheartas Tráchta an Gharda Síochána, Ceanncheatrú an Gharda Síochána, Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 8 (Teil: 01-6661956 & Faics: 01-6661958), ar a laghad 4 lá oibre sula gcuirfear an t-iarratas faoi bhráid an Údaráis Áitiúil.

    Cuirfear an fhoirm iarratais líonta faoi bhráid an Údarás/Údaráis Áitiúila – ní mór sonraí faoin ualach a iomprófar agus an bealach a thógfar a bheith líonaithe amach ar an bhfoirm iarratais soláthartha ag an Údarás Áitiúil atá i gceist agus curtha faoi bhráid an Údárais Áitiúil de réir treoracha an Údáráis Áitiúil (Téir i dteagmháil leis an Údárás Áitiúil sin d’fhonn sonraí a fháil) .

    Ní mór don iarratasóir teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Áitiúil ábhartha maidir le saghasanna agus costais na gceadúnas atá ar fáil msh. aonair, míosúil, bliantúil, srl.

    Tá árachas dliteanais poiblí riachtanach i leith an méid atá réamhshainithe ag an Údarás Áitiúil agus lorgaíonn gach Údarás Áitiúil cóip den deimhniúchán árachais ó chomhlacht an iarratasóra.

    Má tá aon cheisteanna agat i leith ualaigh neamhghnáthacha déan teaghmáil le do thoil leis an Údarás Áitiúil ábhartha.

    Tá imeachtas nua á dhréachtú faoi láthair d’ualacha neamhghnáthacha faoi bhun 4.3 meadair ar leithead, 27.4 meadair i bhfad agus atá le haghaidh iompair ar bhealaigh shainithe.

    Beidh feidhm ag Alt 41 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, arna leasú ag Alt 19 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2006. Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána feithicil a urghabháil atá á húsáid in áit phoiblí sna cásanna seo a leanas – 

    • Tá comhalta den Gharda Síochána faoin tuairim go bhfuil an fheithicil á húsáid ar bhealach a sháraíonn Alt 56 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 i.e. Níl árachas ag an duine a bhfuil an fheithicil á tiomáint aige/aici chun an fheithicil atá i gceist a thiomáint.
    • Diúltaíonn nó teipeann ar an duine a bhfuil an fheithicil á tiomáint aige/aici chun ceadúnas tiomána a sholáthar ar an láthair agus láithreach bonn atá éifeachtach ag an tráth sin agus a cheadúnaíonn é/í chun an fheithicil a thiomáint, nuair a éilíonn comhalta den Gharda Síochána air/uirthi an ceadúnas sin a sholáthar faoi Alt 40(1) den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 agus má bhíonn an comhalta faoin tuairim go bhfuil an duine, mar gheall ar a (h)aois,  neamh-incháilithe ceadúnas tiomána a shealbhú, a cheadúnaíonn é/í chun an fheithicil a thiomáint.
    • Níl aon cháin bhóthair i bhfeidhm ar feadh tréimhse 2 mhí nó níos faide.

    Féach, le do thoil, www.revenue.ie agus lean an nasc chuig Cáin Chláraithe Feithiclí.

    Ba cheart feithiclí goidte a thabhairt le fios ag stáisiún Gardaí láithreach bonn i bpearsan. Is féidir réamhthuairisc a dhéanamh ar an nguthán ach caithfear an tuairisc a dheimhniú i bpearsan. Iontráiltear feithiclí a thuairiscítear mar fheithiclí goidte do chomhaltaí an Gharda Síochána ar bhunachar sonraí lárnach (PULSE), a bhfuil teacht ag gach stáisiún Gardaí air.

    Faoi Alt 41 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, arna leasú ag Alt 19 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2006 – féadfaidh comhalta den Gharda Síochána feithicil a urghabháil atá á húsáid in áit phoiblí gan chruthúnas gur éirigh leis i dtástáil ródacmhainneachta i gcomhréir le Treoir 96/96/CE (I.O. Uimh. L46 17.02.97, P1) an 20 Nollaig 1996 do thuras an ama a bheith i bhfeidhm maidir leis an bhfeithicil.    

    Tá ar gach gluaisteán teastas bailí NCT a bheith aige nuair atá úsáid á baint as.  Is iad seo a leanas an t-aon díolúintí a leagtar amach sna Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (An Tástáil Náisiúnta Gluaisteán), 2014 (I.R. Uimh. 322 de 2014):

    (7) Ní bhaineann Alt 18 agus na Rialacháin seo leis an méid seo a leanas—

    (a) feithicil bheag seirbhíse poiblí, a cláraíodh den chéad uair roimh an 1 Eanáir 1980,

    (b) feithicil bheag seirbhíse poiblí, nach n-úsáidtear ach ar oileán amach ón gcósta,

    (c) feithicil ar an lá a diúltaíodh teastas tástála i dtaca leis an bhfeithicil,

    (d) feithicil sa tréimhse 24 uair roimh choinne tástála i gcás feithicle nár úsáideadh go dtí seo ach ar oileán amach ón gcósta agus nuair atá an fheithicil á tiomáint go dtí a chéad tástáil, a fhad agus a sholáthraítear fianaise i leith na coinne, nó

    (e) feithicil atá faoi úinéireacht nó á hoibriú ag an nGarda Síochána nó na Fórsaí Cosanta.

    Féach www.ncts.ie, le do thoil, chun teacht ar bhreis sonraí.