Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cad a tharlaíonn nuair a dhéanaim tuairisc? - an Próiseas Imscrúdaithe

Cad a tharlaíonn nuair a dhéanaim tuairisc? - An Próiseas Imscrúdaithe

Cad a tharlaíonn nuair a dhéanaim Tuairisc Choire – an Próiseas Imscrúdaithe  Pé uair a dhéanann tú an Garda Síochána a chur ar an eolas ar choir, cé acu más íospartach nó finné thú, iarrfaimid ort an méid seo a leanas a dhéanamh:

A mhéid faisnéis agus is féidir leat a sholáthar faoin gcion;
Insint dúinn má bhíonn aon bhuarthaí ort faoi do shábháilteacht (nó sábháilteacht do theaghlaigh), d’fhonn gur féidir linn comhairle chuí a chur ort;
Do sheoladh agus do shonraí teagmhála gutháin iomlána a thabhairt. Cuirfidh seo ar ár gcumas nuashonrú a thabhairt duit faoi dhul chun cinn an imscrúdaithe;
Nuashonrú a thabhairt dúinn faoi aon athruithe eile - b’fhéidir gur thug tú faoi deara caillteanais nó díobháil bhreise ó thug tú an cion le fios i dtosach, nó b’fhéidir go bhfuil thú thíos le héifeachtaí breise ó ghortú a rinneadh ort de bharr na coire.

Iarrfaidh an Garda imscrúdaithe ort ráiteas a dhéanamh a scríobhfaidh sé/sí síos agus a iarrfaidh sé/sí ort a shíniú. Ansin déanfaidh an Garda an cheist a imscrúdú. Más tú féin íospartach na coire, ba cheart go bhfaighfeá litir ina dhiaidh sin, sa phost ón gCeannfort Garda ina dtugtar ainm an Gharda imscrúdaithe, uimhir PULSE (ríomhaire) na coire, uimhir ghutháin an Stáisiúin Ghardaí, agus uimhir ghutháin na Líne Chabhraí d’Íospartaigh na Coireachta. I ndiaidh an choir a thabhairt le fios, déanfar do chás a imscrúdú, gan aird ar d’inscne, cineál, reiligiún, bunadh eitneach, gnéaschlaonadh, aois, cúinsí geilleagracha nó ballraíocht d’aon ghrúpa mionlaigh.

I rith an imscrúdaithe

I rith chéim an imscrúdaithe, baileoidh Gardaí an fhianaise go léir atá ar fáil, ar nós CCTV, méarlorg nó DNA agus ullmhófar comhad i gcásanna tromchúiseacha agus cuirfear faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí é. Má tá duine a bhfuil amhras faoi le teacht os comhair na cúirte, déanfaimid an méid seo a leanas:

Insint duit cé acu an bhfuil an cúisí faoi choimeád nó ar bannaí agus na coinníollacha a bhaineann leis na bannaí;
Am, dáta agus láthair na n-éisteachtaí cúirte a insint duit;
An próiseas ionchúisimh atá i gceist a mhíniú;
Insint duit más dóchúil go ndéanfar thú a ghairm mar fhinné agus, más dóchúil, an chabhair atá ar fáil ó eagraíochtaí tacaíochta d’íospartaigh a chur in iúl duit;
Insint cathain is féidir le breitheamh iarraidh ar “ráiteas tionchair íospartaigh";
Insint duit faoi chostais chúirte;
An toradh deiridh a bhíonn ar an triail a chur in iúl duit.

Cuimhnigh, le do thoil, na Gardaí a chur ar an eolas má thagann athrú ar do shonraí teagmhála, agus luaigh d’uimhir theagmhais PULSE, d’fhonn gur féidir linn thú a choimeád cothrom le dáta le haon fhorbairtí. Tá Gardaí tiomanta do dhul i ngleic le do chuid riachtanas agus buarthaí ar bhealach tuisceanach agus a réitíonn fadhbanna. Cuimsítear sna míreanna seo a leanas faisnéis a d’fhéadfadh cabhrú leat le haon cheisteanna nó cúnamh a d’fhéadfá a iarraidh.

Cairt an Gharda Síochána ‘Ag Obair lenár bPobail’

Tugtar cuntas i gCairt an Gharda Síochána ‘Ag Obair lenár bPobail’ ar 10 limistéar ina bhfuil an Garda Síochána tiomanta d’oibriú leis an bpobal chun seirbhís ghairmiúil a sholáthar. Is iad na 10 limistéra seo:
1. Ár Luachanna – Ionracas, Cuntasacht, Meas agus Gairmiúlacht
2. Íospartaigh a Choimeád ar an Eolas is Déanaí
3. Cruinnithe Poiblí a Shocrú
4. Tosaíochtaí Áitiúla
5. Freagairt Glaonna ar 999
6. Amanna Freagartha
7. Póilíneacht Phobail
8. Infheictheacht
9. Pobail Éagsúla
10. Sásamh Custaiméara


Chun amharc ar Chairt iomlán an Gharda Síochána, CLICEÁIL ANSEO, le do thoil. Tugtar cuntas i gCairt an Gharda Síochána um Íospartaigh ar an méid ar féidir leatsa, mar íospartach, súil a bheith leis nuair a thugann tú coir le fios. Déanfaidh an Garda Síochána an méid seo a leanas:

Freagairt go pras ar do ghlao agus do ghearán a imscrúdú;
Ainm, uimhir ghutháin agus stáisiún an oifigigh imscrúdaithe agus an uimhir theagmhais PULSE a insint duit;
A mhíniú cad a tharlóidh i rith an imscrúdaithe agus thú a choimeád ar an eolas i gcaitheamh an phróisis;
Insint duit faoi na seirbhísí atá ar fáil tríd an Líne Náisiúnta d’Íospartaigh na Coireachta (Saorghlao) 116006;
Thú a chur ar an eolas ar na seirbhísí a sholáthraíonn an tSeirbhís Tacaíochta d’Íospartaigh Thurasóireachta más cuairteoir thú a thug cuairt ar Éirinn;
Íogaireacht ar leith a léiriú maidir le cionta gnéasacha;
Seirbhísí Garda agus Dochtúra den inscne chéanna a chur ar fáil duit (a mhéid agus is féidir);
Tabhairt faoi fhreastal ar aon riachtanais speisialta nó riachtanais eile a d’fhéadfadh bheith agat;
Seirbhís aistriúcháin saor in aisce a sholáthar mura féidir leat cumarsáid go líofa a dhéanamh i nGaeilge nó Béarla.

Chun amharc ar Chairt iomlán an Gharda Síochána um Íospartaigh, CLICEÁIL ANSEO, le do thoil.

Seirbhísí Tacaíochta d’Íospartaigh

Tá réimse eagraíochtaí tiomnaithe tacaíochta d’íospartaigh ar fáil chun tacú le híospartaigh agus a dteaghlaigh i ndiaidh go ndearnadh íospartach na coireachta díobh. Cuireann na heagraíochtaí seo tacaíocht ar fáil d’íospartaigh choireanna ginearálta agus d’íospartaigh choireanna ar leith, ar nós dúnbhású, foréigean baile agus ionsaí gnéasach. Féadfaidh an Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta insint duit faoi na seirbhísí atá ar fáil go náisiúnta agus go háitiúil. Tá an liosta iomlán d’eagraíochtaí tacaíochta d’íospartaigh ar fáil sa mhír a bhaineann le hÍospartaigh ar an láithreán gréasáin seo agus trí CHLICEÁIL ANSEO.

An Binse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla

Reáchtálann an Binse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla an scéim cúitimh i leith díobhálacha pearsanta a bhféadfadh go raibh thú thíos leo mar gheall ar choir. Ceapann an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais comhaltaí an Bhinse.
Ligeann an scéim cúitimh i leith díobhálacha pearsanta a rabhthas thíos leo mar gheall ar choireacht duit íocaíocht a lorg ar chostais agus caillteanais a mbíonn tú thíos leo mar thoradh díreach ar choir fhoréigneach, nó agus iarracht á déanamh agat cosc a chur ar choir nó saol duine a shábháil. Ligeann an scéim, chomh maith, do theaghlach íospartaigh a fuair bás mar gheall ar choir fhoréigneach chun íocaíocht a fháil. An bealach a oibríonn sé:

Is gnách go ndéanann comhalta amháin den Bhinse cinneadh ar gach cás cúitimh;
Mura bhfuil tú sásta lena gcinneadh, féadfaidh tú é a achomharc le comhaltaí an Bhinse, nach gcuirfidh an comhalta san áireamh a rinneadh an bunchinneadh;
Cuirfidh siad éisteacht an achomhairc ar siúl go príobháideach agus ar bhealach neamhfhoirmiúil – ní bheidh ionadaíocht dhlíthiúil ag teastáil uait;
Ní íocfaidh an Binse aon chostais dlí a bhíonn le híoc agat le héisteacht an Bhinse;
Íocfaidh siad an cúiteamh i gcnapshuim, ach i roinnt cásanna, ceadóidh siad íocaíocht eatramhach a dhéanamh.

Socraítear comhoibriú i dTreoir an AE maidir le Cúiteamh a sholáthar d’Íospartaigh na Coireachta idir ballstáit an AE chun gur féidir le híospartaigh cúiteamh a fháil ar choireanna a rinneadh i mballstát eile. Próiseálann siad éilimh ó bhallstáit eile. Chomh maith leis sin, cabhraíonn siad le daoine a chónaíonn in Éirinn chun éilimh a sheoladh chuig  ballstáit eile.

Orduithe Cúirte

Féadfaidh cúirt a ordú go n-íocann ciontóir cúiteamh le híospartach mar chuid de chás coiriúil. Déanfaidh an tSeirbhís Phromhaidh maoirseacht ar íocaíocht airgid faoi ordú cúitimh, nuair a iarrann an chúirt air amhlaidh a dhéanamh. Féadfaidh íospartach dul i mbun cás sibhialta le haghaidh cúitimh in aghaidh an chiontóra. Is faoin íospartach agus a bhfoireann dlí a bhíonn sé dul i mbun an cháis seo. Nuair a dhéantar dámhachtain, tá ar an mBinse aon airgead a d’íoc an ciontóir leis an íospartach a asbhaint.

Chun teacht ar bhreis faisnéise, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le:
An Cathaoirleach
An Binse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla
13 Sráid Haiste Íochtarach
Baile Átha Cliath 2 Guthán:

(01) 6610604 Facs: (01) 6610598

Ríomhphost: criminalinjuries@justice.ie

Teacht i láthair sa Chúirt agus Próiseas na Cúirte