Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ag Tuairisciú Cóireachta

Ag Tuairisciú Coireachta

Íospartaigh na Coireachta

Is mór ag an nGarda Síochána an caidreamh speisialta atá aige le híospartaigh na coireachta. Táimid tiomanta do chaidreamh cabhrach agus tacúil a chothú leat. Tugaimid tús áite d’aird a thabhairt ar do chuid buarthaí agus riachtanas.

Caithfidh comhaltaí uile an Gharda Síochána le híospartaigh le dínit agus meas - gan aird ar d’inscne, cineál, creideamh reiligiúnach, bunadh eitneach, gnéaschlaonadh, aois, náisiúntacht, míchumas, cúinsí geilleagracha, stádas pósta nó teaghlaigh nó más ball de phobal an Lucht Siúil thú.

Tá de chuspóir againn bheith cúirtéiseach, cabhrach, measúil agus gairmiúil. Má tá tú trína chéile faoi choir nó teagmhas trámach eile, freagróimid ar do riachtanais ar bhealach lách agus íogair. I gcásanna áirithe, ar nós dúmharú, básanna um thrácht ar bhóithre agus fuadaigh, ceapfar Oifigigh Idirchaidrimh do Theaghlaigh (OITanna) an Gharda Síochána. Ceaptar OITanna chun teaghlaigh íospartach a choimeád ar an eolas ar dhul chun cinn an imscrúdaithe, agus lena chinntiú go dtugtar faisnéis chuí agus ábhartha agus tacaíocht phraiticiúil dóibh. Tá 474 OIT ar ar cuireadh oiliúint shonrach ann faoi láthair sa Gharda Síochána.

Cuirtear i gcuntas i gCairt an Gharda Síochána um Íospartaigh na Coireachta tacaíocht agus ionchais íospartach agus forbairtí nua a tháinig ar ár seirbhísí agus líonraí tacaíochta. Chun Cairt an Gharda Síochána um Íospartaigh na Coireachta a léamh, cliceáil an nasc ar dheis.

Tuairisc Thosaigh a dhéanamh