Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Tuairisc Thosaigh a dhéanamh

Tuairisc Thosaigh a dhéanamh

Tuairisc Thosaigh a dhéanamh Más íospartach nó finné le coir thú, ba cheart duit seo a chur in iúl don Gharda Síochána. Is féidir leat seo a dhéanamh ar na modhanna seo a leanas: Glao ar 999/112 Glao ar 999 nó 112 i gcás éigeandála. Is ionann éigeandáil agus aon teagmhas óna dteastaíonn freagairt láithreach ón nGarda Síochána. Samplaí d’éigeandálaí iad:

· Baol don bheatha
· Riosca i leith gortú tromchúiseach
· Coir ar bun nó ar tí tarlú
· Tá an ciontóir ar an láthair nó tá sé/sí díreach tar éis fágáil

Cad a tharlaíonn nuair a ghlaoim ar 112 nó 999? Cuimhnigh, nuair a ghlaoitear ar 112 (nó 999), ‘fan socair, bí dírithe i gcónaí agus fan ar an líne’. Nuair a ghlaonn tú ar 112 nó 999, luaigh go soiléir an tseirbhís éigeandála a theastaíonn uait, le do thoil. B’fhéidir go mbeidh ort sonraí a thabhairt, ar nós d’ainm, láithreach agus uimhir ghutháin. Glaoigh ar do Stáisiún áitiúil Gardaí nó tabhair cuairt air i bpearsan. Faoi gach cúinse eile nuair a bhíonn coir á tabhairt le fios agat, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do Stáisiún Gardaí áitiúil i bpearsan nó ar an nguthán. Ba cheart sonraí teagmhála faoi do Stáisiún Gardaí áitiúil a bheith ar láimh agat i do theach agus d’áit oibre araon, agus ar luasdiailiú ar do ghutháin bhaile agus phóca. Tá sonraí faoi na Stáisiúin Ghardaí go léir ar fáil ar láithreán gréasáin an Gharda Síochána. Áirítear le bealaí eile chun coireacht a thabhairt le fios úsáid a bhaint as an méid seo a leanas:

· Dearbhú ar líne, nach bhfuil le húsáid ach chun goid maoine a dhearbhú nach sáraíonn luach €500 i bPoblacht na hÉireann

CLICEÁIL AN NASC

NÓTA: NÁ HÚSÁID AN DEARBHÚ AR LÍNE SEO SNA CÁSANNA SEO A LEANAS:

* Tá an teagmhas ag tarlú anois
* Tá ciontóir ar an láthair go fóill nó i ngar
* Fágadh fianaise ag an láthair

I gcás maoin a goideadh a sháraíonn luach €500 agus gach teagmhais eile, déan teagmháil, le do thoil, le do Stáisiún Gardaí áitiúil.

Ceadaíonn beolíne Faire Tráchta an Gharda Síochána do mhuintir an phobail chun teagmhais tiomána contúirtí a thabhairt le fios don Gharda Síochána d’fhonn gur féidir tiománaithe a ghabháil, rabhadh a thabhairt dóibh agus, más gá, iad a thabhairt tríd an bpróiseas cúirte. Is féidir teagmháil a dhéanamh le beolíne Faire Tráchta an Gharda Síochána ar an nguthán trí ghlao ar 0818 205 805. CLICEÁIL AN NASC

Bealaí eile chun faisnéis a sholáthar don Gharda Síochána

· Glaoigh ar Uimhir Ghutháin Rúnda an Gharda Síochána ar 1800 666 111.

· Glaoigh ar Choscairí Coireanna trí úsáid a bhaint as an uimhir ghutháin saor in aisce, 1800 250 025.

Cad a tharlaíonn nuair a dhéanaim tuairisc? - an Próiseas Imscrúdaithe