Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Íospartaigh i gcion gnéasach – do thaifid chomhairleoireachta a scaoileadh

Íospartaigh i gcion gnéasach – do thaifid chomhairleoireachta a scaoileadh Alt 19(a) den Acht um Fhianaise Choiriúil 1992 arna leasú ag Alt 39 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2017 

I dtriail i gcion gnéasach, caithfear a rá leis an gcosaint má tá taifid chomhairleoireachta agat. Ní inseofar don chosaint ábhar na dtaifead comhairleoireachta, ach go bhfuil siad ann. D’fhéadfadh an chosaint a iarraidh ábhar na dtaifead comhairleoireachta a fheiceáil. Ba cheart dóibh é seo a iarraidh sula dtosaíonn an triail, ach is féidir leo fiafraí tar éis don triail tosú. Is féidir leis an iochúiseamh a iarraidh freisin do thaifid a fheiceáil má cheapann siad go bhfuil eolas ann átá ábhartha don triail. 

Is féidir leat a roghnú do thoiliú a thabhairt chun do thaifid a scaoileadh nó gan é a thabhairt.  Tá sé tábhachtach go mbeadh a fhios agat má thugann tú do thoiliú, is féidir leat é a tharraingt siar ag am ar bith.  

Má thugann tú do thoiliú 

Is féidir leat do thaifid chomhairleoireachta a fheiceáil sula scaoiltear iad. Is féidir leat duine a thabhairt leat nuair a fheiceann tú do thaifid. Tabharfar do thaifid don aturnae ionchúisimh agus scrúdóidh siad na taifid le haghaidh eolais atá ábhartha don triail. D’fhonn do phríobháideacht a chosaint, déanfar aon eolas nach mbaineann leis an triail a bhaint amach sula scaoilfear na taifid chuig an gcosaint. Mura bhfuil aon rud i do thaifid a bhaineann leis an triail, ní scaoilfear do thaifid. 

Má scaoiltear do thaifid chuig an gcosaint, tá rialacha dochta ann maidir le cé a fheiceann iad: feicfidh aturnae an ionchúisimh agus abhcóide iad ar dtús; ní fheicfidh aturnae na cosanta agus abhcóide ach eolas atá ábhartha don triail; is féidir leis an duine cúisithe an t-eolas atá ábhartha don triail a fheiceáil má tá a n-aturnae nó abhcóide leo. Ní cheadaítear don duine cúisithe cóip de do thaifid a thógáil. D’fhéadfadh an chúirt coinníollacha eile a shocrú freisin chun do phríobháideacht a chosaint agus ar mhaithe le ceartas. 

Mura dtugann tú do thoiliú 

Mura dtugann tú do thoiliú nó má tharraingíonn tú siar do thoiliú chun do thaifid a scaoileadh, beidh ar bhreitheamh na trialach cinneadh a dhéanamh ar cheart do thaifid a scaoileadh chuig an gcosaint gan do thoiliú. Tionólfar éisteacht ina ndéanfaidh an breitheamh scrúdú ar do thaifid agus déanfaidh siad cinneadh an bhfuil aon eolas ann atá ábhartha don triail. Is féidir leat do thaifid chomhairleoireachta a fheiceáil roimh an éisteacht seo. Tá tú i dteideal cúnamh dlíthiúil saor in aisce – aturnae agus/nó abhcóide – chun ionadaíocht a dhéanamh ar do leasanna ag an éisteacht seo. Ag an éisteacht chúirte, is féidir leis an mbreitheamh an cinneadh a dhéanamh nach bhfuil aon rud i do thaifid atá ábhartha don triail agus ní scaoilfear do thaifid. De rogha air sin, is féidir leis an mbreitheamh an cinneadh a dhéanamh go bhfuil eolas atá ábhartha don triail nach mór a scaoileadh. Má tharlaíonn sé seo, cinnfidh an breitheamh cén eolas atá le scaoileadh. Is féidir leis an mbreitheamh coinníollacha a leagan síos freisin chun rochtain ar an bhfaisnéis a scaoileadh d’fhonn do phríobháideacht a chosaint. Ansin ordóidh an breitheamh go scaoilfear an t-eolas chuig an ionchúiseamh agus chuig an gcosaint.   

Má tá eolas i do thaifid chomhairleoireachta atá ábhartha don chás, d’fhéadfaí é a úsáid mar fhianaise sa triail. D’fhéadfadh abchóide an ionchúisimh ceisteanna a chur ort faoin eolas i do thaifid. D’fhéadfadh abhcóide na cosanta ceisteanna a chur ort faoi eolas i do thaifid. 

Nuair a bheidh an triail críochnaithe, scriosfar gach cóip de do thaifid nó cuirtear ar ais chuig an ionchúiseamh iad. 

Maidir leis an dlí ar an ábhar seo, féach Alt 19(a) den Acht um Fhianaise Choiriúil 1992 arna leasú ag alt 39 den Acht um an Dlí Coiriúil (Cionta Gnéasacha) 2017: : https://revisedacts.lawreform.ie/eli/1992/act/12/revised/en/html#SEC19A