Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Oifig Seirbhíse an Gharda Síochána d’Íospartaigh (GVSO)

Is léiriú í Oifig Seirbhíse an Gharda Síochána d’Íospartaigh go bhfuil an Garda Síochána ag cur íospartach i gCroílár Sheirbhís an Gharda Síochána. 

Tá an Garda Síochána le hÍospartaigh a chur i gCroílár Sheirbhís an Gharda Síochána.

- Le cultúr athnuaite, cuirfear béim mhór ar íospartaigh ar fud sheirbhís an Gharda Síochána

- 28 Oifig Seirbhíse d’Íospartaigh bunaithe

- Seirbhís chomhsheasmhach ghairmiúil le cur ar fáil d’íospartaigh

- Is cuid de gach straitéis frithchoireachta anois é tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh na coireachta 

Agus 28 Oifig Seirbhíse d’Íospartaigh fógartha inniu, tá mórthionscnamh seolta ag an nGarda Síochána mar chuid dá chlár athnuachana, Póilíniú agus Slándáil le TRUST, chun pobail a chosaint agus chun tacaíocht a thabhairt dóibh. 

Déanfaidh an 28 Oifig Seirbhíse d’Íospartaigh cinnte go gcoimeádtar íospartaigh na coireachta ar an eolas maidir le dul chun cinn a gcás agus na tacaíochtaí atá ar fáil dóibh. Chomh maith leis sin, is cuid de gach straitéis frithchoireachta anois é tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh na coireachta.


Tá sonraí teagmhála na nOifigí Seirbhíse d’Íospartaigh go léir ar fail anseo.

Mar shampla, faoi Oibríocht Thor, chomh maith le heolas maidir le dul chun cinn a gcás, cuirtear tacaíocht agus comhairle ar fáil d’íospartaigh bhuirgléireachta chun cabhrú leo athíospairt a sheachaint.

Oifigí Seirbhíse d’Íospartaigh: 

I ndiaidh oifigí a bhunú i bPort Láirge agus i mBaile Átha Cliath ar bhonn píolótach, tá 28 Oifig Seirbhíse d’Íospartaigh bunaithe anois ar fud na tíre. Tá oifig anois i ngach Roinn de chuid an Gharda Síochána. 

Is lárphointe teagmhála iad na hOifigí Seirbhíse d’Íospartaigh le haghaidh íospartaigh na coireachta agus tráma i ngach Roinn. Cuireann siad leis an ngníomhaíocht tacaíochta d’íospartaigh atá ar siúl ag baill imscrúdaithe an Gharda Síochána cheana féin. Tá daoine tiomnaithe sainoilte atá ag obair sna hOifigí, agus cloíonn siad le Buan-nós Imeachta Oibríochta. Is é an ról atá acu ná íospartaigh a choimeád ar an eolas maidir le gach forbairt shuntasach a bhaineann lena gcás, chomh maith le sonraí teagmhála seirbhísí tacaíochta/ comhairleoireachta ábhartha a chur ar fáil. 

Bíonn na hOifigí Seirbhíse d’Íospartaigh ar oscailt 9am-5pm, Luan go hAoine. Tá se de rogha ag íospartaigh na coireachta teagmháil a fháil ó na hOifigí ar an teileafón, tríd an bpost nó tríd an ríomhphost. 

Tá múnla na hOifige Seirbhíse d’Íospartaigh bunaithe ar an aiseolas a fuair an Garda Síochána ó íospartaigh agus ó eagraíochtaí tacaíochta d’íospartaigh. 

Ar an iomlán, fuarthas aiseolas dearfach ó íospartaigh a bhain leas as na hOifigí agus is sampla praiticiúil iad na hOifigí seo den bhealach a dhéanfaimid ár ndualgais d’íospartaigh a chomhlíonadh faoin Treoir AE maidir le Cearta Íospartach. Tó foireann na nOifigí Seirbhíse d’Íospartaigh freagrach as teagmháil a dhéanamh le híospartaigh na coireachta, agus tús áite a thabhairt dá riachtanais. 

I gcás coireanna amhail buirgléireacht, ionsaí nó damáiste coiriúil, faigheann íospartaigh na coireachta glao teileafóin leantach ón Oifigí Seirbhíse d’Íospartaigh chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas riachtanach ar fad acu, sonraí teagmhála na nGardaí imscrúdaithe san áireamh. Má tá saincheist eile i gceist, is féidir leis na híospartaigh í sin a tharraingt anuas freisin. Cuirfear comhairle ar íospartaigh maidir le coireanna a chosc agus tabharfar sonraí dóibh maidir le seirbhísí seachtracha atá ar fáil ó Ghníomhaireachtaí eile Stáit agus/nó Gníomhaireachtaí eile nach gníomhaireachtaí stáit iad. 

I gcás íospartach foréigin teaghlaigh, coireachta gnéasach nó coireachta eile lena mbaineann tráma, is iad na Gardaí imscrúdaithe nó speisialaithe iad féin a leanfaidh den chomhairle agus tacaíocht a chur ar fáil dóibh. 

Chun a chinntiú go bhfuil seirbhís ardcháilíochta á soláthar d’íospartaigh, déanfaidh an Garda Síochána monatóireacht ar bhonn leanúnach ar shásamh íospartaigh na coireachta trí Shuirbhé ar Dhearcadh an Phobail a dhéanamh gach ráithe agus trí theagmháil a dhéanamh le híospartaigh agus a ngrúpaí ionadaíochta. 

Déanann na hOifigí comhlánú ar an réimse bearta atá i bhfeidhm cheana féin ag an nGarda Síochána chun tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh na coireachta , amhail Cairt na nÍospartach ina leagtar amach ár ngealltanais d’íospartaigh na coireachta, agus Oifigí Idirchadrimh le Teaghlaigh chun idirchaidreamh a dhéanamh le íospartaigh na coireachta i gcásanna tromchúiseacha.