Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Faire Tráchta

Faire Tráchta

Comhpháirtíocht um Shábháilteacht ar Bhóithre

Is cur chuige comhpháirtíochta é Faire Tráchta leis an bpobal chun iompar tiománaithe a fheabhsú, chun líon na n-imbhuailtí ar bhóithre agus na mbásanna a laghdú.

Is féidir le baill den phobal teagmhais neamhéigeandála a bhaineann le trácht a thuairisciú trí úsáid a bhaint as ár bhfoirm tuairiscithe ar líne. Déanann Foireann an Gharda Síochána ag Ionad Seirbhísí Faisnéise an Gharda Síochána na  tuairiscí ar líne seo a logáil agus ansin cuireann siad an tuairisc ar aghaidh chuig an gCeannfort sa Limistéar um Rannpháirtíocht sa Phobal ábhartha chun go ndéanfar dul chun cinn maidir léi.

TW

Ceapfaidh an Ceannfort ball den Gharda Síochána chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearán a bhaineann le Faire Tráchta. Téann an comhalta imscrúdaith i dteagmháil leis an ngearánach chun na nithe seo a leanas a dhéanamh:

  • An leagan den scéal atá ag an ngearánach a shuí.
  • A shuí an ann d'fhinnéithe eile ar an teagmhas líomhnaithe
  • Na gníomhaíochtaí a d'fhéadfaí a dhéanamh a phlé
  • Ráiteas gearáin i scríbhinn a ghlacadh

Más rud é, tar éis an imscrúdaithe, go meastar gur nochtadh cion, cuirtear comhad faoi bhráid an Cheannfoirt a chinnfidh cén gníomh, más ann, a bheidh le déanamh. 

I ngach cás ba chóir toradh a ghearáin a chur in iúl don ghearánach.

I gcás éigeandála ba chóir do bhaill an phobail glaoch a chur ar 999/112 i gcónaí.

Teagmhas a bhaineann le trácht a thuairisciú ar líne.