Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Banna an Gharda Síochána

Band 3

Bunaíodh Banna Ceoil an Gharda Síochána go gairid tar éis bunú An Garda Síochána féin. Thug sé a chéad taispeántas poiblí ar Ché Dhún Laoghaire ar Luan Cásca 1923. Bhí an taispeántas chomh maith sin go bhfuair an Banna cuireadh chun seimn ag ócáidí agus imeachtaí éagsúla ar fud na tíre. Faoi stiúradh a chéad mháistir Banna, an Ceannfort D.J. Delaney, bunaíodh banna céilí, banna píbe agus ceolfhoireann ó laistigh dá chéimeanna

Band 2

Bunaíodh Banna Ceoil an Gharda Síochána go gairid tar éis bunú An Garda Síochána féin. Thug sé a chéad taispeántas poiblí ar Ché Dhún Laoghaire ar Luan Cásca 1923. Bhí an taispeántas chomh maith sin go bhfuair an Banna cuireadh chun seimn ag ócáidí agus imeachtaí éagsúla ar fud na tíre. Faoi stiúradh a chéad mháistir Banna, an Ceannfort D.J. Delaney, bunaíodh banna céilí, banna píbe agus ceolfhoireann ó laistigh dá chéimeanna. 

Comhnasc Banna Ceannchathartha Gardaí Bhaile Átha Cliath (a bhí lonnaithe i Sráid Chaoimhín) le Banna na nGardaí i 1938. Bhí an Banna nua lonnaithe san Íosta i bPáirc an Fhionnuisce. Bhí turas ag an mBanna i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe i 1964 faoin máistir Banna An Ceannfort J. Moloney. Díscaoileadh an Banna an bhliain dár gcionn ach athbhunaíodh é i 1972 chun comóradh 50 bliain do bhúnú an Gharda Síochána a cheiliúradh.

Chomh maith le ceol a sholáthar d’ócáidí oifigiúla na nGardaí (cosúil le searmannais bhronnta i gColáiste na nGardaí) bíonn clár trom pobal-bunaithe i gceist gach bliain, ag seinm i scoileanna, féilte agus ar ócáidí spóirtiúla. Téann an bhaint atá ag an mBanna le Páirc Lansdún le haghaidh cluichí idirnáisiúnta rugbaí agus sacair, leis an mórshiúil Lá Fhéile Pádraig i mBaile Átha Cliath agus leis an Féile Rós Trá Lí i bhfad siar. 

Thaisteal an Banna go dtí mórán imeachtaí idirnáisiúnta agus sheinn siad ar son na hÉireann i líon ócáidí i bhféilte pólíneachta ag ceolchoirmeacha san Eilvéis, sa Ghearmáin agus i dTuaisceart Éireann. 

Is féidir dul i dteagmháil le Banna an Gharda Síochána trí:- 

An Cigire Pat Kenny,

Banna an Gharda Síochána,

Ceanncheathrú an Gharda Síochána,

Páirc an Fhionnuisce,

Baile Átha Cliath 8

D08 HN3X

Fón:+353 1 666 2040 / 41