Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Marc-Aonad an Gharda

Horses1

Horsies 2

Tá póilíneacht ar dhroim capaill go hídéalach chun coireanna a chosc ar bhonn ard-infheictheacht. Suíonn Gardaí ar capaill atá a lán troithe os cionn airde slua agus mar gheall air sin bíonn mullach radhairce maith acu agus tá sé níos éasca dóibh baill an phobail a aithint.

Bunaíodh an Marcaonad i 1998 agus tá sé lonnaithe i bPáirc an Fhionnuisce. I measc áiseanna an aonaid tá stáblaí, seomraí tacóide, stórais, banra agus láthair traenála uile-aimsire. Tugann an tAonad tacaíocht do Cheantair Ghardaí i mórán contaetha ar bhonn rialta.

I measc fheidhmeanna an Mharcaonaid tá;

• Cosc ar choireanna agus patróil bhraite – ag tabhairt tacaíochta do phóilíneacht phríomhshrutha.

• Cuardach le haghaidh dhaoine ar iarraidh thar thír-raon atá dorochtana do fheithiclí

• Póilíneacht phobail lena n-áirítear cuairteanna ar scoileanna agus tionscnaimh phobail san áireamh

• Póilíneacht le linn ócáidí móra, mar shampla, cluichí, ceolchoirmeacha agus féilte

• Ord poiblí agus smacht ar shluaite

Horsie 5

Capaill na nGardaí

Is iad na tréithe is tábhachtaí  gcapaill de chuid na Gardaí ná meon agus tréith phisiciúil. Oibríonn capaill na nGardaí i dtimpeallachtaí gnóthacha agus caithfidh said a bheith cróga agus ábalta ócáidí ionsaitheacha a láimhseáil gan anachair teacht orthu. Díríonn an tAonad ar chapaill atá follaíochta in Éirinn mar de ghnáth bíonn na tréithe is oiriúnaí acu. Tógtar na capaill isteach ar bhonn trialach ar dtús le haghaidh tréimhse 6 seachtaine agus má fheictear ansin go bhfuil siad oiriúnach traenáltar iad chun bheith mar chapaill na nGardaí. Is é atá i gceist leis an bpróiséas seo ná iad a chur i láthair guaiseacha éagsúla a d’fhéadfaidis teacht orthu le linn patróil nó dualgas slua.

Traenáil Mharcaonad na nGardaí

Nuair a chuireann duine isteach ar Mharcaonad na nGardaí caithfidh iarratasóirí dul i mbun scrúdú liachta, chúrsa réamhroghnaithe agus agallaimh. Ansin caithfidh éirí leo i gcúrsa 12 seachtain. Tá bunchúrsa scileanna eachaíochta, próiséas gabhála, ord poiblí agus bainistíocht stáblaí mar chuid den traenáil seo. Faigheann baill 14 lá sa bhreis gach bliain chun a scileanna a athnuachan. Chomh maith leis sin déantar traenáil bhreise go rialta le comhleacaithe sna hAonaid Ord Poiblí Ceantair ar fud na tíre chun iad a ullmhú d’imeachtaí sonracha faoi mar a thagann said chun cinn. Is iad na teagascóirí in-theach a thugann na cúrsaí ag na háiseanna atá ag an Marcaonad. Déantar measúnú neamhspleách ar na bunchúrsaí ar fad agus ar na Cúrsaí Ardearcaíochta.

HorsiesHorsies 3