Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cad a tharlóidh nuair a thiocfaidh na Gardaí i láthair?

Tiocfaidh na Gardaí i láthair agus cuirfidh siad iad féin in aithne.

Déanfaidh siad amach cad a tharla agus gheobhaidh siad sonraí faoi na daoine a bhí i gceis agus an caidreamh eatarthu.

Sa chás go bhfuil Ordú Teaghlaigh i bhfeidhm agus gur sáraíodh an tOrdú sin, gabhfaidh na Gardaí an déantóir na coire.

Sa chás nach bhfuil Ordú Teaghlaigh i bhfeidhm agus go bhfuil forais ag na Gardaí le hamhras a bheith orthu go ndearnadh cion agus má tá cumhacht ghabhála acu, úsáidfidh siad an chumhacht ghabhála sin.

Déanfaidh na Gardaí imscrúdú iomlán ar aon chion a thit amach ina mbeidh aon earra a urghabháil i gceist a d’fhéadfaí a mheas gurb ionann é agus fianaise dá n-imscrúdú.

Glacfaidh na Gardaí ráiteas gearáin ón bpáirtí a ndearnadh díobháil dó/di cé acu ar an lá sin nó ar dháta ina dhiaidh sin.

Cinnteoidh na Gardaí go gcuirtear gach íospartach ar an eolas go hiomlán ar an sásamh dlíthiúil atá ar fáil dóibh agus chun sonraí a sholáthar, chomh maith, faoi fhaisnéis chruinn teagmhála. Cuirfidh na Gardaí na híospartaigh ar an eolas go hiomlán faoi na nósanna imeachta a bhíonn i gceist chun iarratas a dhéanamh ar orduithe éagsúla faoin Acht um Fhoréigean Baile, 1996 (arna leasú).

Tabharfaidh na Gardaí cúnamh chun sonraí a sholáthar faoi na seirbhísí éagsúla tacaíochta, idir sheirbhísí Reachtúla agus Deonacha sa cheantar a d’fhéadfadh cabhrú leis an íospartach.

Spreagfaidh na Gardaí go gníomhach an t-íospartach chun teagmháil a dhéanamh leo mar gheall go mbaineann ríthábhacht lena sábháilteacht agus le sábháilteacht a leanaí nó a ndaoine muinteartha eile.

Leanfaidh an Garda Imscrúdaithe le hidirchaidreamh leanúnach a dhéanamh leis an Íospartach.