Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Príomhoifigeach Riaracháin (POR)

Joseph

Teideal: Príomhoifigeach Riaracháin (POR)

Ainm: Joseph Nugent

Áit dúchais: Baile Átha Cliath

Ceaptha: An 2 Lúnasa 2016

Ina bhall ón: An 2 Lúnasa 2016

Buaicphointí Gairme:

Fostaí sa tseirbhís phoiblí is ea Joseph Nugent a d’fhóin le fada agus bhí poist bhainistíochta sinsearaí aige i réimse comhlachtaí poiblí i gcaitheamh a ghairme, Oifig an Ard-Aighne, an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh, an Roinn Airgeadais agus an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ina measc.

Sular ceapadh é mar Phríomhoifigeach Riaracháin, bhí an tUasal Nugent ina Phríomhfheidhmeannach ar Ghníomhaireacht Bhainistíochta an Rialtais Áitiúil (LGMA), arb acmhainn lárnach í don earnáil rialtais áitiúil, a dhéanann réimse seirbhísí acmhainní daonna agus caidrimh tionscail, airgeadais, TFC agus comhairleacha eile a sholáthar, a éadáil agus a chomhordú don earnáil Rialtais Áitiúil.  

Ón mbliain 2010 go 2014, bhí Joseph Nugent ina Stiúrthóir ar Sheirbhísí Pasanna sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, áit a ndearna sé ceannaireacht agus stiúradh ar shraith tionscnaimh athchóirithe pasanna i gcaitheamh a théarma cúig bliana.

Cáilíochtaí:

MSc i bhFeidhmíocht Eagraíochtúil a Bhainistiú ó Ollscoil Cranfield.