Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Coimisinéir

Justin Kelly

Teideal: Coimisinéir

Ainm: Justin Kelly

Áit Dúchais: Átha Cliath

Ceaptha: Meán Fómhair 2025

Buaicphointí Gairme:

Tá 33 bliain de thaithí phóilíneachta ag Coimisinéir na nGardaí Justin Kelly. Ceapadh an Coimisinéir Kelly ag an Rialtas mar Choimisinéir an Gharda Síochána ón 1 Meán Fómhair 2025. Bhí sé ina Leas-Choimisinéir um Shlándáil, Straitéis agus Rialachas roimhe seo. Roimhe sin, mar Choimisinéir Cúnta um Choireacht Thromchúiseach agus Eagraithe, bhí sé freagrach as an bhfreagairt náisiúnta póilíneachta a threorú i réimsí na ndrugaí agus na coireachta eagraithe, na cibearchoireachta, na coireachta eacnamaíche, na hinimirce agus coireanna in aghaidh daoine leochaileacha. Bhí sé i gceannas go straitéiseach ar fhorbairt acmhainne agus ar bheartais eagraíochtúla i réimsí éagsúla a bhaineann le himscrúduithe ar choireacht thromchúiseach. 

Sular sin, bhí sé ag feidhmiú mar Cheannfort Bleachtaireachta san Aonad Speisialta Bleachtaireachta, aonad frithsceimhlitheoireachta oibríochtúil na heagraíochta.  Roimhe sin, bhí sé ina Cheannfort Bleachtaireachta i mBiúró Náisiúnta Seirbhísí Cosanta an Gharda Síochána, chomh maith le bheith ina Chigire Bleachtaireachta i mBiúró na nDrugaí agus na Coireachta Eagraithe, agus ina Chigire ar an líne thosaigh i gceantair Bhaile Bhlainséir agus Chluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath.

I 2001, cuireadh ar iasacht é chuig na Náisiúin Aontaithe sa Bhoisnia-Heirseagaivéin, áit ar oibrigh sé ar mhonatóireacht agus ar fhorbairt acmhainne na bhfórsaí forfheidhmithe dlí áitiúla.

Cáilíochtaí:

  • Baitsiléir sa Dlí Sibhialta (BCL) ó Choláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath,
  • Máistreacht sa Cheartas Coiriúil ó John Jay College, Nua-Eabhrac (faighteoir Chomhaltachta McCabe i 2009 chun tréimhse bhliana staidéir agus taighde a dhéanamh i John Jay College)
  • Máistreacht sa Riarachán Gnó (MBA) ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
  • Máistreacht in Imscrúdú Coireachta Tromchúisí ó Ollscoil Luimnigh.
  • Cúrsa Ceannsaíochta Straitéisí, Coláiste na Póilíneachta, an Ríocht Aontaithe.