Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Coimisinéir Cúnta, Póilíniú Bóithre agus Rannpháirtíocht sa Phobal

Assistant Commissioner Paula Hilman

Teideal: Póilíniú Bóithre agus Rannpháirtíocht sa Phobal

Ainm: Paula Hilman

Áit Dúchais: Béal Feirste

Ceaptha:  Bealtaine 2020

Dáta Tosaithe:  Bealtaine 2020

Buaicphointí Gairme:

Tá taithí phóilíneachta 34 bliain ag an gCoimisinéir Cúnta Paula Hilman le Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (an PSNI) sular thosaigh sí ag oibriú leis an nGarda Síochána i mBealtaine 2020.  Tá freagracht uirthi, mar Choimisinéir Cúnta um Póilíniú Bóithre agus Rannpháirtíocht sa Phobal, as Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Póilíniú Bóithre, an Biúró Náisiúnta Athstiúrtha Óige, an Biúró Náisiúnta um Rannpháirtíocht sa Phobal, beartas Oird Phoiblí agus Mórimeachtaí. 

D’oibrigh Paula roimhe seo mar Bhleachtaire Ard-Cheannfoirt agus bhí sí i gceannas ar Bhrainse um Chosaint an Phobail de chuid an PSNI.  Bhí an Brainse freagrach as sain-imscrúduithe agus imscrúduithe tromchúiseacha réamhghníomhacha agus frithghníomhacha maidir le leochaileacht agus mí-úsáid daoine fásta agus leanaí. Bhí Paula ina Cathaoirleach ar an mBord Bainistíochta Straitéiseach a dhéanann maoirseacht ar Shocruithe um Chosaint an Phobail do Thuaisceart Éireann.  Bhí sí ina chomhalta den Bhord Cosanta do Thuaisceart Éireann agus de Chomhpháirtíocht Thuaisceart Éireann um Chosaint Daoine Fásta. 

Toghadh Paula i Meitheamh 2019 mar an gcéad Uachtarán baineann ar Chumann Cheannfoirt Thuaisceart Éireann, an cumann foirne a dhéanann ionadaíocht do chéimeanna Ceannfoirt laistigh den PSNI. 

Bhí Paula freagrach roimhe seo as an bportfóilió coireacht fuatha don PSNI, agus bhí ceannas aici go hinmheánach ar struchtúir agus beartas nua rialachais don choireacht fuatha agus d’oibrigh sí go comhoibritheach le comhpháirtithe go seachtrach chun feabhas a chur ar an bhfreagairt d’íospartaigh. Ba í ceannasaí straitéiseach an PSNI freisin ar Dhídeanaithe ón tSiria a imeascadh isteach i dTuaisceart Éireann. 

Agus í ag feidhmiú mar Cheann an Bhrainse Ceartais Choiriúil, d’oibrigh Paula go comhoibritheach leis an tSeirbhís Ionchúisimh Phoiblí chun chéad Aonad Íospartach agus Finnéithe Thuaisceart Éireann a bhunú agus chun Idirghabhálaithe Cláraithe a thabhairt isteach sa Chóras Dlí Choiriúil. 

Ceannasaí Airm Thine Straitéiseach agus Ceannasaí Oird Phoiblí Óir í Paula a bhfuil taithí fhairsing aici i bpóilíneacht oibríochtúil i dTuaisceart Éireann. 

Bronnadh MBE ar Paula in 2013 as na seirbhísí a sholáthair sí don Phóilíneacht agus don Phobal.

Cáilíochtaí:

Céim Baitsiléir Ealaíon (BA) (Onóracha) i mBeartas agus Bainistíocht Phoiblí (1998)

Ceannasaí Oird Phoiblí Óir

Ceannasaí Airm Thine Straitéiseach

Alumnus Comhchuspóra, Cláir Cheannaireachta Ban agus Cheannaireacht Feidhmiúcháin Géire Intinne Fhóram na bPríomhfheidhmeannach.