Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Coimisinéir Cúnta Coireacht Eagraithe Thromchúiseach

Assistant Commissioner John O'Driscoll

Teideal: Coimisinéir Cúnta Coireacht Eagraithe Thromchúiseach

Ainm: John O’Driscoll

Áit dúchais: Baile Átha Cliath

Ceaptha: Bealtaine 2016

Ina bhall ó: 1981

Buaicphointí Gairme: Glacann an Coimisinéir Cúnta O’Driscoll freagracht as Coireacht Eagraithe & Tromchúiseach.

1981 Sannadh é do Shráid Mhic Giobúin, Baile Átha Cliath.

1984 Sannadh é do Thascfhórsa Coireachta (CTF) a bhí ag oibriú laistigh de Cheantar Cathrach Bhaile Átha Cliath (DMA). 1987 Ceapadh é ina bhleachtaire agus d’fhóin sé ag Sráid Mhic Giobúin, Baile Átha Cliath.

1991 Tugadh ardú céime go dtí sáirsint dó agus d’fhóin sé ag Ráth Iomgháin, Contae Chill Dara.

1992 Aistríodh é chuig Sráid an Stórais, Baile Átha Cliath agus d’fhóin sé mar sháirsint i gceannas ar Phóilíneacht Phobail.

1993 Sannadh ról sáirsint i gceannas dó ar aonad drugaí roinne Réigiún Cathrach Bhaile Átha Cliath (DMR) lár thuaidh.

1998 Tugadh ardú céime dó go dtí cigire agus d’fhóin sé ag Bridewell, Baile Átha Cliath.

2000 Aistríodh é chuig Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB) a bhí nuachruthaithe ag an tráth sin, agus sannadh dó ról bleachtaire cigire i gceannas ar Oibríochtaí.

2002 Tugadh ardú céime go dtí ceannfort dó agus d’fhóin sé ag Béal Átha na Muice, Contae Mhaigh Eo.

2004 Aistríodh é chuig Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB) agus d’fhóin sé mar cheannfort bleachtaireachta agus bhí sé freagrach as rialuithe teorann agus as Oibríochtaí agus Imscrúduithe ina dhiaidh sin.

(2005 Bhí sé i gceannas ar an bhfoireann Mheasúnaithe agus Aisghabhála a thaistil go dtí an Téalainn ar mhaithe le hiarsmaí náisiúnach Éireannach a maraíodh a aisghabháil a bhí mar íospartaigh shúnámaí Oirthear na hÁise. 2008 Tugadh ardú céime dó go dtí ard-cheannfort agus d’fhóin sé ag an Rannóg Caidrimh Phobail agus Póilíneachta Pobail.

2009 Sannadh ról ceann biúró dó ag Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB). 2014 Sannadh ról ceann biúró dó ag Aonad Náisiúnta Drugaí an Gharda Síochána (GNDU).

2015 Sannadh ról ceann biúró dó ag an mBiúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil (NBCI) agus ag Biúró Teicniúil an Gharda Síochána(GTB). 2016 Tugadh ardú céime go dtí Coimisinéir Cúnta dó.

Cáilíochtaí:

1991 B.A. (Riarachán Poiblí): an Foras Riaracháin (IPA).

2000 M.Sc. (Beartas Drugaí agus Alcóil): Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

2009 Teastas (Bainistíocht Tionscadal): Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge.    (Ard-Teastas i nGnó i bhFiontair Bheaga Ghnó (Ábhar Singil)

2015 Ard-Dioplóma: (Dlí Tearmainn agus Inimirce) Óstaí an Rí, Baile Átha Cliath