Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Woods, James

jwoods

Ainm:  Woods, James

Grád: Sáirsint

Uimhir Chláraithe: 2358

Stáisiún: Scairteach an Ghlinne, Co. Chiarraí

Blianta Seirbhíse: 1

Cúlra:
Rugadh James Woods ar an 25 Márta 1900 i mBaile Rinn, Lios Dúin Bhearna, Co. an Chláir. Chaith sé bliain ina ábhar múinteora ach d’fhág sé chun dul sna hÓglaigh. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 15 Samhain 1922 i nDún Shráid na Long. Stáisiún Garda Bheanntraí an chéad áit a lonnaíodh é mar Gharda. Ar an 1 Bealtaine 1923, fuair sé ardú céime go Sáirsint agus aistríodh é go Stáisiún Garda Scairteach an Ghlinne ar an 30 Bealtaine 1923. Bhí beirt dheartháireacha ag Sáirsint Woods a chuaigh sa Gharda Síochána freisin. Ar an 26 Samhain 1995, nochtadh leacht cuimhneacháin do Sháirsint Woods i Stáisiún Garda Oileán Ciarraí.

Cúinsí:

Dé Luain an 3 Nollaig 1923, bhí Sáirsint Woods agus comhalta eile ar dualgas i Stáisiún Garda Scairteach an Ghlinne, cúig mhíle ó Oileán Ciarraí, Co. Chiarraí. An oíche sin, rinne grúpa fear ionsaí ar an stáisiún agus raidhfilí agus gránghunnaí acu. De réir dealraimh, ba éard a bhí uathu ná éide an Gharda Síochána. D’ordaigh na robálaithe do Sháirsint Woods a mhaoin ar fad, a éide san áireamh, a thabhairt dóibh. Nuair a dhiúltaigh sé é  sin a dhéanamh, scaoil duine de na robálaithe air agus fuair sé bás láithreach.