Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Waters, Patrick

pwaters

Ainm: Waters, Patrick

Grád: Sáirsint

Uimhir Chláraithe: 10114

Stáisiún: Sligeach

Blianta Seirbhíse: 23

Cúlra:
Rugadh Patrick Waters (Padraic Ó Tuairisc) ar an 27 Márta 1926 i gCorn na Rón, Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Tar éis dó seal a chaitheamh mar fheirmeoir, chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 23 Aibreán 1948. Bhí sá san LDF ar feadh seala  (1945-1946) agus sna Fórsaí Cosanta Áitiúil (1946-1948). Chuaigh deartháir óg leis sa Gharda Síochána freisin. Fuair se ardú céime go Sáirsint ar an 31 Márta 1961. Chaith sé seal lonnaithe sna háiteanna seo a leanas freisin: Carna; Béal Átha na Sluaighe; Cloch na Rón; Oileán Ciarraí; agus Cora Droma Rúisc. Bhí Sergeant Waters, pósta le Mary agus bhí naonúr clainne acu. Chuaigh duine amháin acu sa Gharda Síochána.

Cúinsí:

Ar an 18 Samhain 1971, d’fhág Sergeant Waters agus beirt dá chomhghleacaithe Stáisiún Garda Shligigh chun glao éigeandála a fhreagairt i gCarraig Anraí, Sligeach.  Ar an mbealach go dtí an áit sin sa ghluaisteán oifigiúil, bhí timpiste bhóthair acu le gluaisteán eile. Fuair Sáirsint Waters bás de dheasca an imbhuailte.