Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ward, Hugh

hward

Ainm: Ward, Hugh

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 5663

Stáisiún: Áth an Chuilinn, Co Thiobraid Árann

Blianta Seirbhíse: 2

Cúlra:
Rugadh Hugh Ward ar an 14 Feabhra 1897 i gCloch Mhic Cú, an Obair, Co. na Mí. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 27 Feabhra 1924. Bhí sé sna hÓglaigh (1918-1921) agus rinne sé seirbhís mar gíománach suas go dtí an sos cogaidh. Bhí sé san Arm Náisiúnta freisin (1921-1924), agus sna Póilíní Airm. Ní raibh sé pósta agus chaith sé seal lonnaithe i Ros Comáin, i gCorcaigh agus i dTiobraid Árann.

Cúinsí:

Ar an 14 Samhain 1926, rinneadh ionsaithe comhbheartaithe ar Stáisiúin an Gharda Síochána ar fud na tíre. Bhí Garda Ward ar dualgas i Stáisiún Gardaí Áth an Chuilinn. D’fhreagair se cnag ar dhoras tosaigh an stáisiúin. D’ardaigh robálaí a ghunna agus lámhach Garda Ward. Fuair sé bás de dheasca a ghortuithe ar an 16 Samhain 1926.