Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Walsh, Michael

mwalsh

Ainm: Walsh, Michael

Grád: Bleachtaire Garda

Uimhir Chláraithe: 6658

Stáisiún: An Cabhán

Blianta Seirbhíse: 17

Cúlra:
Rugadh Michael Walsh ar an 14th Márta 1901 i nGort an Sciobóil, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo. Chaith sé tamall ag obair mar ghrúmaeir sula ndeachaigh sé sa Gharda Síochána ar an 20 Márta 1925. Bhí sé sna hÓglaigh (1919-1922) agus san Arm Náisiúnta (1922-1924), áit a raibh sé ina Leifteanant. Ceapadh do Bhrainse na mBleachtairí é ar an 16 Iúil 1925. Bhí Bleachtaire Garda Walsh pósta agus bhí beirt clainne aige féin agus a bhean chéile. Chaith sé seal lonnaithe i dTulach Mhór, i mBaile Átha Luain, agus sa Chnoc Rua. Bhí suim aige san eachaíocht.

Cúinsí:
Ar an 1 Deireadh Fómhair 1942, bhí Bleachtaire Garda Walsh in éineacht le gardaí eile a chuaigh go teach i Lios Mhic Cannagáin, Sliabh an Nuinseannaigh, Cill na Leice, Co. an Chabháin agus iad ag iarraidh duine a ghabháil a bhí a fhios go forleathan gurbh amhrastach coiriúil é.  Agus na Gardaí ag déanamh air, scaoil an amhrastach arm tine orthu agus gortaíodh Bleachtaire Garda Walsh.  Fuair sé bás de dheasca a ghortuithe níos déanaí an lá céanna in Ospidéal Máinliachta an Chabháin.