Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Sheehan, Gary

garysheenan

Ainm: Sheehan, Gary

Grád: Earcach sa Gharda Síochána

Uimhir Chláraithe: 23589L

Stáisiún: An tIonad Oiliúna, an Teampall Mór

Blianta Seirbhíse: 3 mhí

Cúlra:
Rugadh Gary Sheehan ar an 24 Meán Fómhair 1960 sa ‘Bhearnas Mór’, Dún an Rí, Carraig Mhacaire Rois, Co. Mhuineacháin. Chaith sé tamall ina theicneoir sula ndeachaigh sé sa Gharda Síochána ar an 7 Meán Fómhair 1983, mar a rinne a athair agus a sheanathair roimhe. Bhí an-suim aige i ngach saghas spóirt agus d’imir se peil lena fhoireann áitiúil, Eiméid Charraig Mhachaire Rois. Ní raibh sé pósta.

Cúinsí:

Ar an 24 Samhain 1983, d’fhuadaigh an tIRA Sealadach Don Tidy, fear gnó mór le rá, gar dá theach féin i gContae Bhaile Átha Cliath Theas.  Thug an Garda Síochána faoi chuardach ar fud na tíre.  I lár mhí na Nollag 1983, díríodh isteach ar cheantar Bhéal an Átha Móir, Co. Liatroma de bharr faisnéise rúnda a fuarthas. Cuireadh neart acmhainní de chuid an Gharda Síochána agus an Airm chuig Béal an Átha Móir chun cabhrú leis an gcuardach. Cuireadh earcaithe ó Choláiste an Gharda Síochána chuig an ceantar freisin, agus Gary Sheehan leo.  Ar an 16 Nollaig 1983, thug buíon chuardaigh Garda/Arm aghaidh ar an drong IRA a raibh an tUasal Tidy á choinneáil acu i gCoill Dhoire Fhada, Béal an Átha Móir.  Scaoileadh saor an tUasal Tidy. Lámhacadh agus maraíodh Earcach an Gharda Síochána Gary Sheehan, agus Saighdiúr Singil Patrick Kelly, Dún Custume, Baile Átha Luain, san eachtra.