Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Morrissey, Patrick J.

pmorrissey

Ainm: Morrissey, Patrick J. 

Grád: Sáirsint

Uimhir Chláraithe:14545K

Stáisiún: Collann, Co. Lú

Blianta Seirbhíse:24

Cúlra:
Rugadh Patrick Morrissey ar an 7 Márta 1936 i mBéal Tairbirt, Co. an Chabháin. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 14 Nollaig 1960. Bhí sé tar éis a bheith san Arm Náisiúnta ó 1953 go 1960. Fuair sé ardú céime go Sáirsint ar an 24 Deireadh Fómhair 1974 agus chaith sé seal lonnaithe sna lonnaithe sna háiteanna seo a leanas freisin: Trá Mhór; Cé Adelphi; Droichead Átha; Dún Droma; an Chéim; Sráid Mhic Giobúin; an Halla Bán; Ó Méith; Bridewell; agus i gCeanncheathrú an Gharda Síochána. Ba tharrthálaí a raibh taithí aige é agus nuair a cuireadh go Ceanncheathrú an Gharda Síochána é, bhí ról nach beag aige i bhforbairt Aonad Fo-uisce an Gharda Síochána. Bhí sé pósta agus bhí ceathrar clainne acu. Bronnadh Bonn Ór Scott ar Sháirsint Morrissey i ndiaidh a bháis ar an 4 Nollaig 1986.

Cúinsí:

Ar an 27 Meitheamh 1985, bhí Gardai Peter Long agus Brendan Flynn ar patról taistil i mBaile Átha Fhirdhia, Co Lú. Agus iad ag déanamh ar Mhalartán Fostaíochta an bhaile, chonaic siad go raibh robáil ar siúl. Bhí beirt fhear faoi airm tar éis luíochán a dhéanamh ar an mbainisteoir agus £25,000 a ghoid. Nuair a chonaic na robálaithe an carr patróil, d’éalaigh siad ón láthair i ngluaisteán an bhainisteora agus iad ag scaoileadh a n-arm tine ar na Gardaí agus iad ag imeacht. Stop na Gardaí chun Sáirsint Morrissey a phiocadh suas agus iad sa tóir ar na robálaithe. Tháinig críoch tobann leis an tóraíocht ag Crois na Rátha Briste nuair a bhuail na robálaithe, a bhí ar gluaisrothar faoin am seo, i gcoinne gluaisteán a bhí ag teacht chucu agus gortaíodh na daoine sa ghluaisteán sin. D’fhan Gardai Flynn agus Long leis na daoine gortaithe agus chuaigh Sergeant Morrissey sa tóir ar na robálaithe ina aonar agus de chois. Agus é ag déanamh orthu, scaoileadh urchar agus thit sé ar an talamh, gortaithe go dona.  Sheas duine de na gunnadóirí ag féachaint anuas air agus mharaigh sé an Sáirsint le hurchar eile i neasraon.