Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Kelleher, Brian

bkelliher

Ainm: Kelleher, Brian

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 23037E

Stáisiún: Cromadh, Co. Luimnigh

Blianta Seirbhíse: 24

Cúlra: Rugadh Brian (Joseph) Kelleher, ar an 12 Samhain 1960 i mBaile na Ceathrún Uachtarach, Mala, Co. Chorcaí. Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 6 Deireadh Fómhair 1982. Bhí Garda Kelleher pósta agus bhí triúr clainne acu. Chaith Garda Kelleher tamall ag obair i Stáisiún Gardaí Shráid Eadbháird agus Stáisiún Gardaí Bhaile an Róistigh, Luimneach. Thaitin peil Ghaelach agus Galf leis mar chaitheamh aimsire.

Cúinsí: Ar an 25 Feabhra 2007, go gairid i ndiaidh 4am, bhí Garda Kelleher ag cabhrú chun timpiste bóthair a fhiosrú i mBairrgeoin, Faing, Co. Luimnigh. Bhí an tSeirbhís Dóiteáin áitiúil ó Fhaing i láthair ann freisin.  Bhí Garda Kelleher agus Fear Dóiteáin Michael Liston ag stiúradh na tráchta chun an timpiste a sheachaint nuair a bhuail gluaisteán i gcoinne an bheirt acu agus maraíodh láithreach iad.