Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ceisteanna Coitianta

    Ní mór d'iarratasóirí a bheith 18 mbliana d'aois ach ach gan a bheith 50 bliain d'aois fós ar mheán oíche ar an dáta deiridh den chomórtas. 

    An bhfuil riachtanas airde ann?


    Tá an ceanglas bheith ar airde ar leith curtha ar cheal agus Tástáil um Inniúlacht Fhisiciúil (PCT) curtha ina ionad.

    Féach ar an físeán PCT atá ar fail anseo.

     

     

     

     

    Ní féidir, níl aon phróiseas aistrithe inmheánach ann. Caithfidh tabhairt faoin ngnáthphróiseas earcaíochta.

    Chun dul isteach sa Gharda Síochána, ní mór d’iarratasóir:

    a) Bheith ina náisiúnach de Bhallstát de chuid an Aontais Eorpaigh, nó

    b) Bheith ina náisiúnach de Stát LEE nó ó Chónaidhm na hEilvéise, nó

    c) Bheith ina dídeanaí faoi Acht na nDídeanaithe, 1996, nó

    d) Tréimhse cónaithe leanúnach 1 bliana a bheith caite aige/aici sa Stát ar dháta deiridh an fhógra don chomórtas don fholúntas lena mbaineann an t-iarratas, agus cónaí ceithre bliana san iomlán aige/aici sa Stát le linn na n-ocht mbliana díreach roimh an tréimhse sin, nó cosaint choimhdeach a bheith deonaithe dó/di, nó

    e) Bheith ina b(h)all teaghlaigh de dhuine den sórt sin , i gcomhréir leis na Rialacháin Iontrála agus Ceapacháin, 2013.

    Ní mór d'iarratasóirí:

    a) Bheith ar dhea-charachtar.

    b)  Bheith deimhnithe ag Lia-Chleachtóir Cláraithe (arna ainmniú ag Coimisinéir an Gharda Síochána tar éis dul i gcomhairle leis an Aire) go bhfuil sláinte mhaith agus coimpléasc folláin agat, agus go n-oireann túgo fisiciúil agus ó thaobh meabhrach do chomhlíonadh dualgais chomhalta na seirbhíse

    c) Tar éis tástáil inniúlachta fisiceach a rith.

     

    Cad iad na riachtanais oideachais?
    Ní mór d'iarratasóirí an méid a leanas a bheith bainte amach acu:

    (a) Ardteistiméireacht na hÉireann le híosmhéid grád D3 i gcúig ábhar ag an ngnáthleibhéal *, nó

    (b) Teastas Leibhéal 5 (Mórdhámhachtain) ar an gCreatlach Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ), nó

    (c) cáilíocht aitheanta (ag leibhéal 5 nó níos airde), a mheastar a bheith ar chaighdeán céanna leis an méid thuasluaite o thaobh leibhéal agus méid na foghlama de araon i dtuairim Cháilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (QQI).

    AGUS

    (d) inniúlacht chruthaithe i ndá theanga; ní mór Gaeilge nó Béarla a bheith mar ceann acu. D'fhéadfaí an inniúlacht sin a chruthú trí na gráid ábhartha a bhaint amach in Ardteistiméireacht na hÉireann nó i mBéarla nó i nGaeilge trí mheasúnuithe mar a leagann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí amach.

    Ní mheastar go bhfuil ábhair na hArdteistiméireachta ag Bonnleibhéal comhionann le leibhéal iontrála ar an gcomórtas seo. I gcásanna áirithe, féadfar Pas san Ardteistiméireacht Fheidhmeach a mheas mar comhionann le hArdteistiméireacht ag gnáthleibhéal. Ina theannta sin, ní mór d'iarrthóirí inniúlacht chruthaithe in dhá theanga mar atá leagtha amach i 5 (d) thuas.

    Féadfaidh an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí bailíocht a dhearbhú le Cáilíocht agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) i gcás cáilíochtaí neamh-Ardteistiméireachta. Níor cheart go ndéanfadh iarratasóirí teagmháil díreach le QQI. Féadfaidh iarrthóirí, áfach, fiosrú a dhéanamh ar www.naric.ie a thugann comhairle maidir le haitheantas acadúil cáilíochtaí eachtracha in Éirinn.

    Conas is féidir liom dul isteach sa Gharda Síochána?
    Déantar iarratais ar phost Garda faoi Oiliúint trí phróiseas iarratais ar líne atá á bhainistiú ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Chun fógraí faoi fheachtais earcaíochta Garda faoi Oiliuint a fháil de reir mar a thagann siad chun cinn, caithfidh tú clárú mar bhall de www.publicjobs.ie 

     Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí www.publicjobs.ie