Is féidir traidisiún de fhórsa eagraithe póilíneachta in Éirinn a rianadh siar go dtí bunú Constáblacht an Chontae sa bhliain 1822. Ba fhórsa armtha éide é Constáblacht an Chontae a bhí bunaithe ar bhonn réigiúnda.
Mhair fórsa póilíneachta bunúsach roimhe seo dár teideal ‘Fórsa Caomhnaithe na Síochána ’. Bunaíodh é seo trí Acht Parlaiminte Westminster sa bhliain 1816. Ba é Robert Peel, Ardrúnaí na hÉireann, a mhol an tAcht seo.
Sa bhliain 1836 bunaíodh Constáblacht na hÉireann (Glaodh Constáblacht Ríoga na hÉireann air níos déanaí) agus Póilíneacht Cheannchathartha Bhaile Átha Cliath chun teacht in ionad Constáblacht an Chontae. Bhí timpeall 11,000 constábla de chuid an Constáblacht Ríoga na hÉireann lonnaithe i 1,600 beairic suas go dtí 1900. Bhí ionsaithe ar an Constáblacht Ríoga na hÉireann go forleathan sna beairicí nó ar patról coise. Spreag Eamonn De Valera agus baill eile de Rialtas Shinn Féin, Dáil Éireann, a mhaígh go raibh siad ag rialú Éire in absentia, droim láimhe a thabhairt leis an Constáblacht Ríoga na hÉireann agus a gclann a bhí mar ghníomhairí de chumhacht iasachta dar leo. Lean scor forleathan den Chonstáblacht Ríoga na hÉireann RIC dá bharr.
Scor an RIC féin tar éis an chogadh chathartha agus an sos cogaidh d’Iúil 1921 agus bunaíodh fórsa póilíneachta nua, “The Civic Guard” (athainmnithe mar Garda Síochána na hÉireann ar an 8ú Lúnasa 1923), ag Mícheál Ó Coileán agus Rialtas na hÉireann. Comhnascadh an DMP agus An Garda Síochána i 1925.
Tugadh Caisleán Bhaile Átha Cliath, lárionad Riail na Breataine in Éirinn le 700 bliain, ar ais go foirmeálta ar an 17ú Lúnasa 1922, nuair a threoirigh an Coimisinéir Michael Staines a fhórsa póilíneachta nua trí gheataí an chaisleáin. Cúig lá tar éis athrú seilbhe Chaisleáin Bhaile Átha Cliath, lámhadh fuar marbh Míchaél Ó Coileán, an duine a d’ionstraimigh léig an Constáblacht Ríoga na hÉireann agus cruthú An Garda Síochána, i mBéal na mBláth.