Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Treoracha chun an dearbhú ar líne a comhlánú

Go raibh maith agat as ár nDearbhú Ar líne a úsáid. Léigh an méid seo a leanas go cúramach, le do thoil:

NÓTA: Má bhaineann aon chinn de na samplaí seo a leanas, NÁ HÚSÁID AN DEARBHÚ AR LÍNE SEO, ina ionad sin, déan teagmháil le do Stáisiún Gardaí áitiúil. Ná glaoigh ar 999 nó 112 ach i gcás éigeandála:

Buirgléireacht nó iarracht ar bhuirgléireacht a dhéanamh ar do theach nó gnólacht tráchtála;
Goideadh d’fheithicil, nó rinne duine iarracht d’fheithicil a ghoid;
Maoin a ghoid ó dhuine nuair a bhaineann an duine a bhfuil amhras faoi an mhaoin le fórsa nó bagairt i leith fórsa;
Aon saghas coireachta foréigní;
Arm tine goidte.

NÁ COMHLÁNAIGH an dearbhú seo má dhearbhaigh tú goid na maoine cheana féin leis an nGarda Síochána.

Nóta: Ní liosta críochnaitheach é seo, léigh an méid seo a leanas, le do thoil, féachaint an oireann an dearbhú ar líne duit:

An Dearbhú Ar Líne a chomhlánú

Tá na réimsí éigeantacha go léir marcáilte le ‘*’
Soláthair sonraí iomlána faoi conas is féidir linn teagmháil a dhéanamh leat. Tá uimhir ghutháin teagmhála agus am a bheidh tú ar fáil le glao a fhreagairt fíor-thábhachtach.
Comhlánaigh an fhaisnéis go léir go hiomlán. Má theipeann ort dóthain faisnéise a sholáthar, b’fhéidir go mbeidh moill ar an bpróiseáil agus ar imscrúdú ghoid na maoine.
Nuair atá na réimsí go léir den dearbhú seo comhlánaithe agat, beidh de rogha agat na sonraí a Chur i gCló.
Seiceáil do chuid sonraí, le do thoil, sula seolann tú do dhearbhú ar aghaidh. A luaithe a sheol tú an dearbhú ar aghaidh, NÍ BHEIDH tú in ann filleadh chun súil a chaitheamh air nó aon chinn de do shonraí a athrú nó cóip a chur i gcló.
A luaithe a d’éirigh leat an dearbhú a chomhlánú agus a sheoladh ar aghaidh, taispeánfar teachtaireacht deimhnithe, a dheimhníonn gur seoladh do dhearbhú ar aghaidh. Má chomhlánaigh agus má sheol tú an dearbhú, NÁ seol dearbhú eile faoin ngoid chéanna maoine.
Ní féidir leat ach goid maoine a dhearbhú a tharla in Éirinn (gan Tuaisceart Éireann a áireamh).

NOTA TÁBHACHTACH:
Féadtar thú a ionchúiseamh má sholáthraíonn tú faisnéis bhréagach go heolach:

Deimhnímse gur léigh mé agus go dtuigim na treoracha a sholáthraítear anseo, go bhfuil mo dhearbhú faoi réir fíorú ag comhalta den Gharda Síochána agus go bhfuil na sonraí go léir a sholáthair mé i gceart.