Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Cén fáth gur cheart dom coir a thabhairt le fios?

Cén fáth gur cheart dom coir a thabhairt le fios?

Más íospartach na coireachta, nó finné le coir thú, ba cheart duit é seo a chur in iúl don Gharda Síochána a luaithe agus is féidir. Trí eolas ar bith a roinnt atá agat faoi choir, is féidir leat cabhrú leis an nGarda Síochána coireanna a réiteach agus d’fhéadfá cabhrú le cosc a chur ar choireanna tarlú amach anseo.

Tuigimid go dtarlaíonn go mb’fhéidir go mbeidh sé deacair ort teagmhas a thabhairt le fios, ach dearbhaítear duit go n-éistfimid leat, go dtabharfaimid treoir agus tacaíocht duit, agus go gcaithfimid leat le dínit agus meas fad a bhíonn aon imscrúdú coiriúil á dhéanamh. Má bhí baint agat le coir thromchúiseach nó íogair, tá foireann againn ar cuireadh sainoiliúint orthu a thuigfidh do chuid riachtanas agus a fhreastalóidh ar do bhuarthaí. 

Cliceáil anseo chun coireacht fuatha a thuairisciú ar line.

Níl an fhoirm Dhearbhaithe um Ghoid Réadmhaoine lé húsáid ach chun goid réadmhaoine a dhearbhú nach sáraíonn luach €1,000 in Éirinn agus tá an fhoirm ar fáil anseo.