Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Oifig Phróiseála Um Mhuirear Seasta

Bunaíodh an Oifig Phróiseála um Mhuirear Seasta (FCPO) in 2003 agus tá sé lonnaithe i nDurlas, Contae Thiobraid Árann. Tá líon foirne thar ar  70 duine ag an oifig agus Príomhoifigeach Cúnta atá freagrach as an oifig a reáchtáil. Is í an Oifig Próiseála Náisiúnta atá freagrach as an gCóras Próiseála um Mhuirear Seasta(FCPS) a riaradh. D'fhorbair An Garda Síochána an córas seo chun próiseáil ríomhaire, uathoibrithe do Chionta Tráchta ar Bhóithre (lena n-áirítear tiomáint faoi thionchar dí) agus Cionta Ord Poiblí a thabhóidh muirir sheasta a chumasú. Baineann pointí pionóis le roinnt Cionta Tráchta ar Bhóithre mar a fhoráiltear sa reachtaíocht um Thrácht ar Bhóithre

Tá bunús dlíthiúil an chórais le fáil sna hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre 1961 go 2014 agus i Rialacháin éagsúla. Tá foráil san Acht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994 arna leasú leis an Acht um Cheartas Coiriúil 2006 agus san tAcht Deochanna Meisciúla 2008 maidir le nós imeachta muirear seasta i ndáil le cionta áirithe a bhaineann le hord phobail. Tagraíonn an tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) 1994 (Ailt 23A agus 23B) 2008 an 10 Meán Fómhair 2008.

Tá breis agus 550 cion tráchta ann faoi láthair atá faoi réir Fógraí Muirear Seasta. 

Cuspóirí an Tionscadail um Phróiseáil Muirear Seasta

Ó thaobh an Gharda, i measc chuspóirí an tionscadail um Phróiseáil Muirear Seasta bhí:

• a chinntiú go raibh beartais, cleachtais agus nósanna imeachta an Gharda Síochána ag teacht le riachtanais reachtúla;

• cumas méadaithe chun cionta muirir sheasta a phróiseáil;

• riarachán agus próiseáil na gcionta muirir sheasta a lárú;

• clódóireacht agus íocaíocht a sheachfhoinsiú;

• cumas eagrúcháin an Gharda Síochána a fheabhsú chun faisnéis bhainistíochta éifeachtach a chur ar fáil.

Tacaíonn na cuspóirí seo le sprioc straitéiseach an Gharda Síochána maidir le gortuithe marfacha  agus tromchúiseacha a laghdú agus sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú trí:

• feiceálacht agus forfheidhmiú an Gharda Síochána a mhéadú;

• laghdú ar an am a chaitheann Gardaí ar riarachán;

• laghdú ar bheith i láthair sna Cúirteanna;

• cinnteoireacht feabhsaithe.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Próiseála um Mhuirear Seasta ag:

Oifig Próiseála um Mhuirear Seasta

Sráid Parnell

Durlas

Contae Thiobraid Árann

Teil: +353 504 59800

Saorghlao: 0818 506 080

Facs: +353 504 59844

R-Phost:npo@garda.ie