Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Ceisteanna Coitianta

Conas a dhéanfaidh mé iarratas a chur isteach ar Chúltaca an Gharda Síochána?

Téigh chuig www.publicjobs.ie

 

Am mbeidh orm scrúdú a dhéanamh?

Beidh. Tá scrúdú ar líne mar pháirt den phróiseas earcaíochta.

Cad atá i gceist sa phróiseas earcaíochta do Chúltaca an Gharda Síochána?

Is féidir eolas a fháil ar an bpróiseas earcaíochta sna “Nótaí d’Iarratasóirí” agus tú ag cur isteach ar Chúltaca an Gharda Síochána ar www.publicjobs.ie

 

Cén sórt cumhachtaí cur i bhfeidhm dlí a bheidh agam mar Chúltaca?

I measc na gcumhachtaí a bhíonn ag Cúltaca Garda bíonn cur i bhfeidhm an Achta um Thrácht ar Bhóithre agus ailt de na

na hAchtanna um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí) agus an tAcht um an Dlí Coiriúil.

Is féidir le baill an Chúltaca iarratas ar thoghairm a dhéanamh chun na Cúirteanna maidir le cion ar bith a aimsítear sna hAchtanna úd.

Cad iad na riachtanais ó thaobh aoise de?

Caithfidh iarratasóirí do Chúltaca a bheith idir 18 agus 6o bliain nuair a thosaíonn siad ar an oiliúint atá leagtha síos.

 

Cén aois scoir atá i gceist le Cúltaca an Gharda Síochána?

Is é 65 an aois scoir éigeantach.

 

An mbeidh mé ag obair/lonnaithe sa stáisiún áitiúil?

Is é polasaí an Gharda Síochána nach gcuirtear baill de Chúltaca an Gharda Síochána i mbun dualgais ina gceantar féin.

 

An féidir cur isteach le haghaidh aistriú ón stáisiún ina bhfuil mé faoi láthair?

Is féidir le baill de Chúltaca an Gharda Síochána cur isteach le haghaidh aistriú chuig stáisiún eile, mar aon le baill lánaimseartha den Gharda Síochána. 

An mbeidh rogha agam maidir leis an himeachtaí a mbeidh orm dualgas a dhéanamh lena linn?

Braitheann sin ar an stáisiún.

 

An dtig le ball deonach d’fhórsa póilíneachta i ndlínse eile aistriú isteach sa Chúltaca?

Ní thig. Níl próiseas inmheánach ann. Caithfidh siad iarratas a chur isteach agus caithfidh siad dul tríd an gnáth phróiseas earcaíochta.

 

An mbíonn tréimhse phromhaidh tar éis do dhuine an cúrsa oiliúna chríochnú?

Tá. Bíonn an Garda Cúltaca ar phromhadh ar feadh dhá bhliain ón am a cheaptar é/í.

Cad a tharlaíonn mura gcríochnaím an cúrsa oiliúna riachtanach?

Ní féidir leis an gCoimisinéir duine a cheapadh ina Gharda Cúltaca mura mbíonn an oiliúint riachtanach aige.

An mbeidh clár ama seasta agam nó an mbíonn orm dualgas a dhéanamh nuair a oireann sé dom?

Is oibrithe deonacha iad na Cúltacaithe agus ba chóir dóibh clár ama oiriúnach a shocrú leis an Oifigeach Ceantair (Ceannfort) nó leis an gCigire údaraithe. 

An íoctar na Cúltacaithe as a gcuid seirbhísí?

Is oibrithe deonacha iad; ach is féidir leo cur isteach ar liúntas de 1,000 Euro má oibríonn siad 208 uair sa bhliain.  

 

An bhfaigheann Cúltacaithe aisíocaíocht ar speansais a bhaineann lena gcuid oibre?

Déanann an Coimisinéir speansais a bhaineann le taistil chuig cúirteanna, chuig binsí nó chuig imeachtaí ar bith a bhíonn ar siúl lasmuigh dá gcuid uaireanta oibre, a aisíoc.

 

An bhfuil buntáiste ag baint le bheith i do bhall de Chúltaca an Gharda Síochána má tá sé ar intinn agam cur isteach ar chúrsa oiliúna le haghaidh ballraíocht lánaimseartha sa Gharda Síochána?

Tá, ach beidh na critéir faoi mar a leagtar síos iad i S.I 470 2013, Garda Síochána (Iontráil agus Ceapacháin) Rialacháin, i bhfeidhm maidir le iarratasóirí atá ina mbaill den Chúltaca. Bunaíodh sruth i gCúltaca an Gharda i 2015. Is féidir le baill den Chúltaca a shásaíonn na riachtanais, iarratas a dhéanamh tríd an sruth seo. Más mian leo iarratas a dhéanamh ar an dóigh seo, ní mór dóibh an tréimhse phromhaidh a bheith críochnaithe acu, seirbhís shásúil a bheith tugtha acu agus ar a laghad 120 uair oibre a bheith déanta acu in aghaidh na bliana ar feadh dhá bhliain.

Cad iad na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair go deonach i do Chúltaca?

Agus tú ag obair i do Chúltaca sa Gharda Síochána, foghlaimíonn tú scileanna nua, faigheann tú taithí i bpóilíneacht duine le duine, tugann tú seirbhís don phobal, agus bíonn tú ag obair ar fhoireann den scoth.

 

An gcuirfidh an post atá agam faoi láthair bac orm agus mé ag iarraidh bheith i mo Chúltaca?

Ní cheadóidh an Coimisinéir d’aon duine mar thraenálaí nó ní cheapfaidh sé ina Chúltaca, aon duine :

a)      má tá  teastas nó ceadúnas ainmnithe aige, ceann nach mbeadh ceadaithe ag an nGarda Síochána

b)      má tá sé ina bhall d’Óglaigh na hÉireann

c)      má tá sé ina oifigeach de chuid na cúirte

d)      má tá sé ina bhall den tSeirbhís Promhaidh agus Leasa

e)      más báille é

f)       más oifigeach príosúin é

g)      más abhcóide nó dlíodóir é atá ag cleachtadh a ghairme

h)      más bainisteoir nó leasbhainisteoir é ar áitreabh nó ar ghnó a fheidhmíonn faoi cheadúnas nó faoi theastas ar féidir go mbeadh an Garda Síochána ina aghaidh a cheadaithe

i)       má chuireann sé seirbhís slándála ar fáil laistigh den Acht um Shlándáil Phríobháideach 2004

j)       má dhéanann sé toghairm a sheirbheáil ina am saor

k)      má tá sé fostaithe i bpost ar bith á cheapann an Coimisinéir  a mbeadh coinbhleacht leasa i gceist leis maidir le dualgais Chúltaca an Gharda Síochána

Cad é Chúltaca An Gharda Síochána?

Tá Cúltaca an Gharda Síochána déanta suas de bhaill an phobail, chun cabhrú leis an tSeirbhís nuair a bhíonn feidhm le breis pearsanra. Bíonn cumhachtaí srianta  ag an gCúltaca agus iad ar dualgas. Déanann siad a gcuid dualgais faoi mar a leagtar síos iad faoin gCoimisinéir , faoi chúram bhaill lánaimseartha an Gharda Síochána a mbíonn ina gcuideachta an t-am ar fad.

Cad iad Dualgais Chúltaca An Gharda Síochána?

a) Dualgas Stáisiúin, seachas aire agus coimeád príosúnach

b) Giolla stáisiúin

c) Dualgas sa seomra cumarsáide, lena n-airítear monatóireacht CCTV

d) Patról coise, i gcuideachta bhall lánaimseartha den Gharda Síochána

e) Dualgas Slándála Seasta

f) Dualgais ar sheicphointí tráchta i gcuideachta bhall lánaimseartha

g) Fógraí Pionóis na Muirear Seasta a eisiúint nuair a aimsítear cionta

h) Toghairm a sheirbheáil

Cad iad na buntáistí a bhaineann le bheith ag obair go deonach i do Chúltaca?

Agus tú ag obair i do Chúltaca sa Gharda Síochána, foghlaimíonn tú scileanna nua, faigheann tú taithí i bpóilíneacht duine le duine, tugann tú seirbhís don phobal, agus bíonn tú ag obair ar fhoireann den scoth.
 

An féidir liom dualgais a dhéanamh ar mo chuid féin?

Faoi láthair, ní mór do bhall lánaimseartha den Gharda Síochána a bheith ag gabháil le Cúlchistí na nGardaí agus iad ar dualgas.