Tá Aonad Madra an Gharda Síochána tar éis dul i méid thar na blianta agus tá sé anois mar dhlúthchuid den phóilíneacht le cabhair óna chuid phairtnéirí cainíneach.
Tá an phríomh Aonad Tacaíochta Madra lonnaithe i Stáisiún na nGardaí Chill Mhaighneann agus bunaíodh é sa bhliain 1960.
Chomh maith leis an Aonad Madra i mBaile Átha Cliath tá Aonad Madra eile i Réigiún an Deiscirt.
Clár Traenála
Scrúdaítear na hábhair mhadraí ar feadh 3 nó 4 seachtaine agus má tá siad oiriúnach déanann said clár traenála 14 seachtaine. Tosnóidh an madra agus a láimhseálaí ar dualgas oibríochtúil ansin.
Beidh na madraí speisialaithe (drugaí agus pléascáin) ag traenáil le haghaidh 6 nó 8 seachtaine breise roimh bheith oibríochtúil. Déantar traenáil leanúnach ar bhonn rialta.
Tá taithí ag Madraí na nGardaí ar bheith ag obair le pearsanra i Marcaonad Tacaíochta na nGardaí, in Aonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána agus in Aonad Uiscethacaíochta an Gharda Síochána.
Cineálacha Madraí agus speisialachas
• Úsáid Ghinearálta – German Shephard
Úsáidtear German Shephards i réimse leathan tascanna póilíneachta ar nós dul ar thóir ar dhaoine, maoin agus fianaise a aithint, tóraíocht agus coinneáil, cosaint an láimhseálaí agus Smacht Ord Poiblí.
• Brathadóireacht Dhrugaí - Labrador nó English Springer Spaniel
Traenáltar na madraí in Aonad na Madraí chun teacht ar hearóin, cócaon, cannabas agus drugaí eile i suíomhanna lasmuigh nó laistigh.
• Aisghabháil Íospartaigh/Brathadóireacht fhola – Labrador nó English Springer Spaniel
Baineann Labradors agus English Springer Spaniels go speisialta le teach thar choirp atá curtha faoin talamh. Tá boladh fíor ghéar acu a chuireann ar a gcumas lobhadh daonna, fuil daonna agus sreabháin choirp a phiocadh suas.
• Aisghabháil Airm Tine - Labrador nó Springer Spaniel
Traenáltar na madraí seo in aisghabháil airm tine.
• Brathadóireacht Phléascáin - Labrador nó English Springer Spaniel
Díríonn na madraí seo ar theacht ar phléascáin.
• Réiteach Aighnis – Belgian Malinois
Úsáidtear Belgian Malinois i suíomhanna nuair nach gá forneart marfach láidir mar rogha chun duine a chaomhnú i suíomh tromchúiseach.