Bunaíodh Aonad Aerthacaíochta an Gharda Síochána i Meán Fómhair 1997 le seachadadh aerárthach sciathán socraithe Cosantóir 4000 Pilatus Britten-Norman BIV 2T-4S agus heileacaptar Eurocopter AS355N Eceuriel.
![Air 2 Air 2](/images_upload/en/About-Us/Specialist-Units/Operational-Support-Services/The-Garda-Air-Support-Unit/Air-2.jpg)
Tá an tAonad lonnaithe ag Aeradróm Mhic Easmuinn, Baile Domhnaill ar imeall Chathair Bhaile Átha Cliath cé go bhféadfadh aerárthach a bheith lonnaithe in áiteanna eile taobh istigh den Stát.
![Air support best Air support best](/images_upload/en/About-Us/Specialist-Units/Operational-Support-Services/The-Garda-Air-Support-Unit/Air-support-best.jpg)
Féadfar aerárthach an Gharda Síochána a chur go dtí teagmhais sna cásanna seo a leanas:-
Bagairt láithreach don bheatha
Teagmhais de nádúr coiriúil, sceimlitheoireachta nó a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leo
Bagairt láithreach de mhí-ord poiblí tromchúiseach
Tascanna a bhfuil cosc ar choireacht nó brathadóireacht choireacht mar thoradh orthu
Bailiú Fianaise
Bailiú Faisnéise
Tascanna Grianghrafadóireachta
Bainistiú Tráchta / Monatóireacht ar Thrácht
I 2001, fuair flít Aerárthach an Gharda Síochána an dara héileacaptar, Eurocopter EC 135 TC. I rith 2007, cuireadh an dara héileacaptar Eceurie EC135 T2+ in áit héileacaptar. Tá an dá héileacaptar EC135 feistithe le hinnill Turborneca (T2). Aicmítear an aerárthach sciathán rothlach mar heileacaptar fóntais éadrom.
![Air Air](/images_upload/en/About-Us/Specialist-Units/Operational-Support-Services/The-Garda-Air-Support-Unit/Air.jpg)
Coimeádtar aerárthach an Gharda Síochána ar chlárlann míleata na hÉireann. Tá pearsanra Aer Cór na hÉireann i mbun píolóta ar gach aerárthach agus soláthraíonn siad áiseanna cothabhála thar ceann na Roinne Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí.
Roghnaítear gach aerárthach atá i seirbhís leis an Aonad chun riachtanais oibríochta póilíneachta dochta a chomhlíonadh. Feistítear an t-aerárthach leis an treallamh is deireanaí a bhaineann le ról na bpóilíní, lena n-áirítear ceamaraí de sholas lae agus íomhá teirmeach atá curtha ar ardáin gyro-cobhsaithe, soilse cuardaigh, foirne cumarsáide forleithne agus teicneolaíocht micreatonn íocnasc / uasnasc.