Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Hyland, Richard

richardhyland

Ainm: Hyland, Richard

Céim: Detective Garda

Uimhir Chláraithe: 8333

Stáisiún: Dublin Castle

Blianta Seirbhíse: 7

Cúlra:

Rugadh Richard Hyland ar an 23 Deireadh Fómhair 1903, i Maigh Nulla, Co. Mhaigh Eo. D’fhás sé aníos i Má Nuad, Co. Chill Dara, agus bhí cónaí air i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin.  Chuaigh sé sa Gharda Síochána ar an 9 Meán Fómhair 1933. Sula ndeachaigh sé sa Gharda Síochána, bhí sé ina Mháistir Cheathrún ar Chomplacht B, an 3ú Cathlán, Briogáid Bhaile Átha Cliath le linn Chogadh na Saoirse. Bhí sé ar thaobh na bPoblachtánach le linn an Chogaidh Chathartha agus ba bhall é do gharda cosanta Éamonn de Valera nuair a d’éalaigh sé as Ostán Hamman i mBaile Átha Cliath le linn na tréimhse sin. Bhí Bleachtaire Garda Hyland pósta agus bhí beirt clainne acu.

Cúinsí:

Go gairid ina dhiaidh 8am ar an 16 Lúnasa 1940, chuaigh grúpa ina raibh 5 Bhleachtaire ar a laghad ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath, faoi stiúir Bhleachtaire Sáirsint Patrick McKeown, chun cuardach a dhéanamh in áitreabh ar Bhóthar Ráth Garbh, Baile Átha Cliath, faoi fhorálacha an Achta um Chionta in aghaidh an Stáit, 1939.  Tar éis dul isteach san áit, scaoileadh go tobann ar an ngrúpa ó áit laistiar de landair.  Maraíodh Bleachtaire Garda Hyland láithreach. Fuair Bleachtaire Sáirsint McKeown bás de dheasca a chréachtaí ar an 17 Lúnasa 1940. Gortaíodh ball eile, Bleachtaire Garda Brady, go dona.