Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Golden, Anthony

Anthony Golden

Ainm: Golden, Anthony

Grád: Garda

Uimhir Chláraithe: 29909L

Stáisiún: Ó Méith, Co. Lú

Blianta Seirbhíse: 11

Cúlra:

Rugadh Anthony Golden i mBéal an Átha, Co. Mhaigh Eo agus bhí sé 36 bliana d’aois nuair a fuair sé bás.  Bhí sé pósta le Nicola agus tá 3 leanbh acu.

Cúinsí:

Dé Domhnaigh an 11 Deireadh Fómhair 2015, bhí Garda Anthony Golden ar dualgas i Stáisiún Garda Ó Méith. Go gairid i ndiaidh a 6 a chlog, agus é in éide agus gan arm, d’fhág Garda Golden Stáisiún Garda Ó Méith in éineacht le bean a bhí díreach tar éis gearán foirmiúil a dhéanamh go raibh a páirtí tar éis í a ionsaí. Bhí a hathar léi agus an gearán á dhéanamh. Lean Garda Golden an bhean agus a hathar go dtí an teach ina raibh cónaí uirthi féin agus ar a páirtí i Mullach Álainn, Ó Méith, chun leanúint ar aghaidh leis an bhfiosrú.

Chuaigh Garda Golden isteach sa teach i Mullach Álainn leis an mbean agus a fhios aige go raibh an ciontóir líomhnaithe istigh ann. D’fhan athair na mná amuigh ar chomhairle Gharda Golden. Tar éis tamaill bhig, chuala athar na mná trí urchar tapa, ceann i ndiaidh a chéile, agus i ndiaidh sos bhig, scaoileadh trí urchar eile. Rith athair na mná láithreach chuig teach in aice láimhe chun cúnamh a fháil.

Bhí Garda Gerard O’Callaghan ar patról i gceantar Chuaille nuair a fuair sé glaoch gur scaoileadh urchair i Mullach Álainn, Ó Méith, agus nach raibh Garda Golden ag freagairt a raidió. Chuaigh Garda O’Callaghan díreach do dtí an láthair agus fuair sé Garda Golden ina luí sa halla agus gortuithe tromchúiseacha grán gunna air. Fuair Garda Golden bás de dheasca na ngortuithe sin, céad faraor.