Úsáidtear fianáin ar an suíomh gréasáin seo chun d'eispéireas brabhsála a fheabhsú agus chun eolas a bhailiú faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh seo chun an tseirbhís atá á soláthar againn a fheabhsú. Mura nglactar le fianáin ní oibreoidh gnéithe áirithe den suíomh, cosúil le físeán. Tabhair cuairt ar leathanach ár bPolasaí Fianáin más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoin úsáid a bhainimid as fianáin.

Doody, James

jdoody

Ainm: Ó Dúda, Séamas

Céim: An Garda

Uimhir Chláraithe: 16116M

Stáisiún: Sráid na Beairice, Cathair Chorcaí

Blianta Seirbhíse: 8

Cúlra: Rugadh Séamas Ó Dúda ar an 26ú Meitheamh 1944 i Coolgarriff, Cill Áirne, Contae Chiarraí. Chuaigh sé isteach sa Gharda Síochána ar an 10ú Feabhra 1965 agus cuireadh go dtí Stáisiún na Smachtlainne, Cathair Chorcaí, é tar éis a chuid traenála. Bhí sé pósta le Máire agus bhí ceithre clainne aige. Ní raibh an páiste ab óige ach dhá mhí d’aois nuair a fuair a athair bás.

Cuinsí: Ar an 7ú Eanáir 1973 bhí an Garda Ó Dúda ar dualgas mar bhrathadóir sa charr patróil oifigiúil.  Bhí na comhaltaí ar a slí chuig eachtra ag an ngabhal idir Bóthar an Ghlaisín agus Bóthar Wilton nuair a bhuail feithicil eile an carr patróil. Maraíodh an Garda Ó Dúda scun scan sa timpiste seo agus gortaíodh a chomhleacaithe.