Bainistiú Athruithe
Bhunaigh Coimisinéir an Gharda an Rannóg um Bhainistiú Athruithe in 1996.
Feidhm
Is í feidhm na Rannóige um Bhainistiú Athruithe athrú eagraíochtúil a sholáthar go héifeachtúil chun tacú leis na riachtanais leathana agus chasta a bhaineann le dul i ngleic le héilimh seirbhíse póilíneachta nua-aimseartha. Oibríonn an rannóg i gcomhpháirt ar fud na heagraíochta chun pleanáil éifeachtach agus soláthar athruithe a chinntiú laistigh de chreat soiléir rialachais.
Úsáideann an Rannóg um Bhainistiú Athruithe modheolaíocht bainistithe tionscadal struchtúrtha a chuimsíonn na codanna a leanas: macnamh criticiúil, anailís próisis, anailís páirtithe leasmhara, cumarsáideacha, oiliúint agus athdhearadh próisis.
Feidhm
Cuimsíonn feidhm na Rannóige um Bhainistiú Athruithe:
• Ceannasaíocht a ghlacadh ar athrú agus straitéisí a fhorbairt agus iad a chur i bhfeidhmt
• Urraíocht agus ceannaireacht ar na tionscnaimh athruithe a chur chun cinn i measc Bhainistíocht Shinsearach an Gharda
• Rannpháirtíocht na bpríomhpháirtithe leasmhara ag gach céim agus cur i gcoinne a bhainistiú go héifeachtach
• Cumarsáideacha leathana agus spriocdhírithe ag gach céim de thionscnaimh
• Tacaíocht leanúnach a sholáthar i ndiaidh cur i bhfeidhm
Tá an rannóg lonnaithe ag Geata Bhaile an Ásaigh, Bóthar na hUaimhe, Baile Átha Cliath 15. Tá baill an Gharda agus sibhialtaigh ar an bhfoireann agus tá Ard-Cheannfort i gceannas uirthi atá freagrach don Choimisinéir Cúnta, Tacaíocht Feidhmeannach agus Seirbhísí Corparáideacha.
Is féidir dul i dteagmháil leis an Rannóg um Bhainistiú Athruithe ag:
An Rannóg um Bhainistiú Athruithe Bloc B Geata Bhaile an Ásaigh, Bóthar na hUaimhe, Baile Átha Cliath 15
Teil: +353 1 6662087
Rphost: Change_Management_DV@garda.ie