Cuireann An Garda Síochána taithí oiliúna uathúil ar fáil áit a bhfaigheann iarrthóirí íoctha le linn na hoiliúna agus áit a chríochnaíonn siad le céim Leibhéal 7. Tá comórtas earcaíochta na nGardaí is déanaí oscailte inniu (6 Feabhra 2025) agus beidh sé ar siúl go dtí 3pm Déardaoin 27 Feabhra, 2025. Is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí a bheidh i mbun an comórtas a chur ar siúl thar ceann an Gharda Síochána. Is féidir le hiarrthóirí iarratas a dhéanamh ag www.publicjobs.ie. Táthar ag iarraidh ar iarrthóirí ionchasacha machnamh a dhéanamh ar na buntáistí a bhaineann le gairm sa Gharda Síochána. Faigheann Gardaí faoi oiliúint Céim Bhaitsiléir Ealaíon i bPóilíneacht Fheidhmeach leibhéal 7 creidiúnaithe ag Ollscoil Luimnigh, agus íoctar €354 in aghaidh na seachtaine leo le linn na 36 seachtainí oiliúna. Cuirtear bia agus lóistín ar fáil saor in aisce agus iad ina gcónaí i gColáiste an Gharda Síochána. Déantar Gardaí faoi oiliúint a fhianiú tar éis 36 seachtainí agus tosaíonn siad ar thuarastal €37,311 a ardaíonn go hincriminteach. Beidh Gardaí faoi oiliúint ceaptha chun obair ar an bpríomhuainchlár seala (12 uair), rud a mheallann liúntais bhreise, agus beidh deis acu ragobair a dhéanamh chomh maith. Chuir an Coimisinéir Drew Harris síos ar ghairm leis an nGarda Síochána mar "spreagúil, dúshlánach agus sásúil, agus nach bhfuil cuma dhá lá ar bith mar a chéile.” Mhol an Coimisinéir dóibh siúd atá ag smaoineamh ar ghairm sa Gharda Síochána scrúdú a dhéanamh ar na tairiscintí róil go léir, ó luach saothair agus sochair ghaolmhara, go dtí an éagsúlacht dochreidte a thagann leis an ról. Dúirt an Coimisinéir: "Iad siúd a n-éiríonn leo sa bhabhta earcaíochta, beidh deis acu oibriú i réimsí mar imscrúdú ar choireacht eagraithe, foréigean teaghlaigh, ord poiblí, cionta calaoise agus drugaí, póilíneacht phobail agus póilíneacht bóithre - gan ach roinnt a lua. "Ina gcuid oibre ó lá go lá, oibríonn Gardaí ar an líne tosaigh ag comhrac na coireachta, ag tacú le hiospartaigh agus finnéithe, agus ag obair i gcomhpháirtíocht le pobail. Déanann siad difríocht dhearfach, follasach i saol na saoránach. "Tacaímid le foghlaim ar feadh an tsaoil sa Gharda Síochána agus bíonn deis ann i gcónaí dul chun cinn a dhéanamh laistigh den eagraíocht agus deiseanna ardú céime nó speisialtóireachta. "Tá sé fíor-thábhachtach go mbeimid ionadaíoch go hiomlán ar na daoine a bhfreastalaímid orthu. Tugann an feachtas earcaíochta seo deis chun níos mó iarratasóirí ó chúlraí éagsúla a tharraingt isteach. Ba mhaith liom achainí go háirithe ar phobail tearcionadaíochta agus freisin ar mhná smaoineamh ar dhul isteach sa Gharda Síochána: is fostóir maith sinn, agus cuirimid obair fhiúntach ar fáil. Má chinntítear go bhfuil baill ó chúlraí éagsúla sa Gharda Síochána, bíonn dearcthaí agus taithí éagsúla á gcur i láthair.” Níl ach trí seachtainí ag iarratasóirí ar spéis leo iarratas a dhéanamh. Tabhair cuairt ar https://www.publicjobs.ie/ga/garda-faoi-oiliuint chun tuilleadh eolais a fháil agus chun d’iarratas a chur isteach. Ba chóir dóibh siúd atá suim acu i ngairm bheatha leis an nGarda Síochána na sochair bhreise seo a bhaineann leis an mbuntuarastal a chur san áireamh: - Cuimsíonn an Bunchlár Oiliúna a bhíonn le déanamh ag gach Garda faoi oiliúint Céim Bhaitsiléara Ealaíon Leibhéal 7 sa Phóilíneacht Fheidhmeach, creidiúnaithe ag Ollscoil Luimnigh. - Gheobhaidh na Gardaí faoi Oiliúint liúntas de €354 in aghaidh na seachtaine ar feadh na 36 seachtainí oiliúna. - Cuirtear lóistín agus bia ar fáil agus iad ag cur futhú i gColáiste an Gharda Síochána ó Dhomhnach go hAoine. - Is é an tuarastal tosaigh ná €37,311 agus ardaíonn sé seo go hincriminteach. - Sannfar Gardaí faoi oiliúint chun oibriú ar an bpríomhuainchlár seala (12 uair), rud a mheallann liúntais bhreise - Beidh deis ag Gardaí ragobair a dhéanamh a íoctar de réir ráta ama go leith, ach amháin sa chás go n-oibríonn siad ar an Domhnach/lá saoire poiblí, sa chás sin íoctar am dúbailte. - Ligeann Scéim Pinsin le Mearfhabhrú do chomhaltaí faoi éide sochair phinsin a bhailiú ag ráta níos airde gach bliain. - Roghanna maidir le hobair solúbtha ar fáil le linn na gairme. - Fáil ar an Scéim Rogha Dochtúra (clúdaíonn An Garda Síochána an táille comhairliúcháin). - Fáil ar an Scéim Árachais Sláinte. - Fáil ar iliomad cumainn agus clubanna an Gharda Síochána. - Fáil ar Chomhair Chreidmheasa an Gharda Síochána. Chun an comórtas earcaíochta a chur chun cinn, beidh feachtas poiblíochta ar luach €375,000 (gan CBL san áireamh), faoin líne lipéid "Is Post é gur fiú a dhéanamh” ag dul beo ar an teilifís, i gcló náisiúnta agus áitiúil agus raidió, ar líne, ar na meáin shóisialta, lasmuigh agus sa phictiúrlann, ón lá inniu, 6 Feabhra. Ba iad Core agus Spark Foundry i gcomhar le scannáin H2 in 2023 a léirigh na meáin agus cruthaitheacha don fheachtas fógraíochta. Ó cuireadh tús le hearcaíocht an Gharda Síochána arís, agus na chéad Gardaí faoi oiliúint tagtha isteach i gColáiste an Gharda Síochána i mí na Nollag 2022, tá tús curtha ag beagnach 1,500 Gardaí faoi Oiliúint lena n-oiliúint. Tá beagnach 1,000 Gardaí faoi oiliúint tar éis a bheith fianaithe mar chomhaltaí den Gharda Síochána, agus tá beagnach 450 Garda faoi oiliúint i mbun a gcuid oiliúna i láthair na huaire. Déanfar an chéad iontráil eile do Ghardaí faoi oiliúint a fhianú ar an 7 Márta 2025, agus beidh líon nua Gardaí faoi oiliúint ag tosnú i gColáiste an Gharda Síochána ar an 10 Márta 2025. Gardaí faoi Oiliúint faoin gcúis gur chuaigh siad isteach sa Gharda Síochána Ag labhairt faoin gcúis go bhfuil fonn uirthi a bheith ina Garda, deir Megan Thynne "mar taithním cabhrú le daoine eile, is post fíor fiúntach é.” Creideann sí freisin go bhfuil gné shóisialta mhaith ag baint leis, "Buaileann tú le go leor daoine éagsúla ó réimsí éagsúla, deir sí. "Is ó chúlra an-spórtúil mé, an-tógtha le hobair foirne agus mar sin creidim go bhfuil an post seo dírithe go mór ar obair foirne.” Is iar-fear dóiteáin é William Connaughton a d’oibrigh in éineacht leis An nGarda Síochána go minic agus é ag freagairt glaonna éigeandála. Nuair a ardaíodh an teorainn aoise, d’aithin sé go raibh deis iontach ann. "Tá taithí ollmhór saoil agam ón tseirbhís dóiteáin, dúirt sé, agus táim ag súil leis an taithí sin a chur i bhfeidhm ar An nGarda Síochána agus táim ag tnúth le bheith in ann na rudaí ar fad atá foghlamtha sa tseirbhís dóiteáin a chur i bhfeidhm chun cabhrú le mo chomhpháirtithe agus mo chomhghleacaithe ar an mbealach”. Tar éis dó filleadh ó bheith ina chónaí thar lear i ndiadh na scoile, rinne Craig O’Neill iarratas ar bheith ina Gharda. Deir sé gur theastaigh uaidh i gcónaí dul isteach sa Gharda Síochána. "Bhí an post uaim le aghaidh píosa éagsúlachta agus níor shíl mé go mbeadh post oifige oiriúnach domsa”. D’oibrigh Jane Blake le hÓglaigh na hÉireann le seacht mbliana anuas, ar seibhís ar feadh tréimhse sa Liobáin. Ag labhairt faoi obair Garda, deir sí, "measaim go bhfuil an post seo an-sásúil agus dúshlánach”. |