Our website uses cookies to enhance your browsing experience and to collect information about how you use this site to improve our service to you. By not accepting cookies some elements of the site, such as video, will not work. Please visit our Cookie Policy page for more information on how we use cookies.

Oscailt Fhoirmiúil Stáisiún Gardaí An Spidéil, Co. na Gaillimhe – Déardaoin 16 Bealtaine 2024

Issue Date: 16th May 2024

Inniu, Déardaoin 16ú Bealtaine 2024, d’athoscail Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris Stáisiún Garda an Spidéil go foirmiúil, in éineacht leis an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee T.D. agus leis an Aire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí Kieran O’Donnell T.D.

 Leanann an athoscailt clár oibreacha, a thosaigh anuraidh inar díchoimisiúnaíodh foirgneamh réamhdhéanta a bhí ann cheana agus foirgneamh buan daingean a thógáil ina áit ar shuíomh atá sa Spidéal ar Bhóthar an tSléibhe.

 Tá beirt bhall ceangailte le Stáisiún Garda an Spidéil faoi láthair, an bheirt acu cainteoirí dúchais Gaeilge, a choimeád an seirbhís ar fáil don phobal áitiúil ag feidhmiú as Stáisiún Gardaí Indreabháin le linn na n-oibreacha.

 Tar éis na hoibreacha a bheith curtha i gcrích, tugadh stáisiún na nGardaí ar láimh ar an 18ú Nollaig 2023, agus tá baill ag feidhmiú ón Spidéal ó shin i leith.

 Mar thoradh ar uasghrádú an stáisiúin seo tá roinnt buntáistí ann don phobal agus do na Gardaí atá ar dualgas anseo, san áireamh áiseanna oifige nua-aimseartha a sholáthar agus inrochtaineacht do chathaoireacha rothaí.

 Chomh maith leis sin, bhíothas in ann feithicil leictreach (EV) a thabhairt isteach, an chéad cheann don Gharda Síochána i nGaeltacht Chonamara tar éis pointe luchtaithe EV a shuiteáil ag Stáisiún Garda an Spidéil.

 Is ionann imeacht an lae inniu agus an oscailt fhoirmiúil.

Le linn na hócáide, dúirt an Coimisinéir Harris: "Tá an Garda Síochána tiomanta i gcónaí do phóilíneacht phobail agus is sampla den scoth de sin an infheistíocht i Stáisiún Garda an Spidéil. Is léiriú dearfach é oscailt fhoirmiúil an lae inniu ar ár dtiomantas seirbhís póilíneachta nua-aimseartha a chur ar fáil do mhuintir na hÉireann.

 "Tá a fhios agam go neartóidh na háiseanna seo ár gcumais anseo i gContae na Gaillimhe, mar sheirbhís póilíneachta éifeachtach agus éifeachtúil atá tiomanta don tsíocháin a chosaint agus don smacht reachta a chaomhnú."