Our website uses cookies to enhance your browsing experience and to collect information about how you use this site to improve our service to you. By not accepting cookies some elements of the site, such as video, will not work. Please visit our Cookie Policy page for more information on how we use cookies.

Seolann an Garda Síochána acmhainní nua foghlama Gaeilge do phearsanra an Gharda Síochána i gcomhar le Gaelchultúr - 1 Márta, 2024

Issue Date: 1st March 2024

Tráthnóna inniu, sheol an Garda Síochána a acmhainní Gaeilge nua ar líne do phearsanra an Gharda Síochána. Bunaíodh ‘An Fórsa ag Foghlaim’ i gcomhar le Gaelchultúr, an príomhsholáthraí cúrsaí Gaeilge ar fud an domhain.

Seoladh na hacmhainní inniu ar an gcéad lá de Sheachtain na Gaeilge.

Leanann an Garda Síochána ag obair chun na spriocanna atá leagtha amach mar chuid dá Straitéis Ghaeilge 2022-2025 a bhaint amach.  Tá sé mar aidhm ag an straitéis seirbhísí Gaeilge a neartú laistigh den Gharda Síochána agus a chinntiú go gcloítear le dualgais reachtúla teanga.

Tá na hacmhainní nua seo deartha d’fhoghlaimeoirí B1 agus B2 faoin gComhchreat Eorpach, agus tagann siad tar éis seoladh rathúil den chéad acmhainn Ghaeilge ar líne de chuid na heagraíochta do thosaitheoirí in 2022.

Chomh maith leis na hacmhainní ar líne a seoladh inniu, chuir dhá rang tús le cúrsa ullmhúcháin Gaeilge, Teastas Eorpach na Gaeilge le Gaelchultúr níos luaithe an tseachtain seo.

Táthar ag súil go dtabharfaidh pearsanra an Gharda Síochána faoi scrúduithe TEG (Scrúduithe Teastais Eorpaigh) i mbliana.

Ag labhairt dó ag seoladh tráthnóna ag Ceanncheathrú an Gharda Síochána, dúirt Coimisinéir na nGardaí Drew Harris, "Ciallaíonn seoladh na n-acmhainní nua seo a d’fhorbair Gaelchultúr go bhfuil raon iomlán cúrsaí inrochtana againn anois do phearsanra an Gharda Síochána chun go mbeidh siad in ann Gaeilge a fhoghlaim, más sin ag tosú ón tús, nó leanúint ar aghaidh ag neartú a n-inniúlachta chun go mbeidh siad in ann é a úsáid laistigh dá ról sa Gharda Síochána.

"Trí fheabhas a chur ar inniúlacht Ghaeilge ár bhfórsa saothair, is féidir linn feabhas suntasach a chur ar sholáthar seirbhísí Gaeilge i bpobail na Gaeilge a bhfreastalaímid orthu go bródúil. Tá sé sin tábhachtach dúinn”