Our website uses cookies to enhance your browsing experience and to collect information about how you use this site to improve our service to you. By not accepting cookies some elements of the site, such as video, will not work. Please visit our Cookie Policy page for more information on how we use cookies.

Fógraíonn An Garda Síochána Comórtas Poiblí chun 400 Oifigeach Cléireachais a Fhostú ar fud na tíre - 6ú Meán Fómhair 2023

Issue Date: 6th September 2023

Tá comórtas poiblí fógraithe ag an nGarda Síochána inniu chun suas le 400 Oifigeach Cléireachais a fhostú in áiteanna ar fud na tíre.

Tá na róil ar fáil i raon réimsí ar nós Achmhainní Daonna, Teicneolaíocht Faisnéise, airgeadas agus soláthar, iniúchadh inmheánach, cumarsáid, taighde agus anailís, bainistíocht eastát, seirbhísí dlí agus leighis.

Áirítear leis na róil poist lánaimseartha, bhuana agus shealadacha. Cuirfear oiliúint iomlán ar fáil d’iarrthóirí rathúla.

"Is deis iontach é seo chun dul isteach inár líon méadaitheach d’fhoireann an Gharda Síochána a bhfuil ról tábhachtach acu i dtacú le comhghleacaithe oibriúcháin an Gharda Síochána chun daoine a choinneáil sábháilte,” a dúirt urlabhraí de chuid an Gharda Síochána.

Tá an fhoirm iarratais agus an leabhrán eolais ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus is féidir teacht orthu anseo ar shuíomh Gréasáin an Gharda Síochána.

Ní mór iarratais a chur isteach roimh 3i.n., Dé Céadaoin 20ú Meán Fómhair, 2023.

Taithí/Cáilíochtaí Riachtanacha:

Caithfidh an méid seo a leanas a bheith ag an iarrthóir faoin dáta deiridh Dé Céadaoin 20ú Meán Fómhair, 2023:

  • An t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí riachtanacha chun tabhairt faoin ról;
  • A bheith ábalta agus inniúil an ról a chomhlíonadh ar ardchaighdeán;
  • Leibhéal maith ginearálta oideachais;
  • A bheith ar a laghad 17 mbliana d’aois faoin dáta deiridh, i.e. rugadh iad ar nó roimh 20ú Meán Fómhair, 2006. Teastóidh toiliú tuismitheora/caomhnóra ó iarrthóirí faoi aois 18 mbliana chun tabhairt faoi Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.
  • Riachtanais saoránachta, sláinte agus carachtair (féach thíos) a shásamh agus tabhairt faoi Ghrinnfhiosrúchán agus Imréiteach Slándála an Gharda Síochána.

Riachtanais Inmhianaithe:

  • Taithí oibre oiriúnach roimhe seo, agus is fearr an taithí sin a bheith i dtimpeallacht oifige seirbhíse do chustaiméirí;
  • Scileanna/taithí ar Microsoft Excel agus Microsoft Word.

 

Ar chríochnú an chomórtais, bunófar dhá phainéal agus leanfaidh siad de bheith i bhfeidhm ar feadh tréimhse 2 bhliain ón tráth a cruthaíodh na painéil i dtosach.